Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Polasaí pobail

Polasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha

Forléargas

Go ginearálta, rialaítear cealuithe agus aisíocaíochtaí le haghaidh áirithintí Airbnb le polasaí cealaithe an liostaithe. Sna himthosca neamhchoitianta ina gcuireann teagmhais mhóra cosc nó toirmeasc dlíthiúil ar chríochnú áirithinte, d'fhéadfadh an Polasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha (an “Polasaí”) a bheith i bhfeidhm. Nuair a bheidh an Polasaí seo i bhfeidhm, is féidir le haíonna a n-áirithint a chur ar ceal agus aisíocaíocht, creidmheas taistil agus/nó comaoin eile a fháil beag beann ar pholasaí cealaithe na háirithinte, agus is féidir le hóstaigh áirithint a chur ar ceal gan táillí ná drochiarmhairtí eile, cé go gcuirfear bac ar fhéilire a liostaithe do dhátaí na háirithinte a cuireadh ar ceal.

Baineann an Polasaí seo le háirithintí maidir le lóistíní agus Eispéiris araon, agus baineann sé le háirithintí atá ar siúl nó áirithintí lena bhfuil seiceáil isteach ar an dáta éifeachtach nó ina dhiaidh sin, mura gcuireann Airbnb a mhalairt in iúl d'úsáideoirí. Ní polasaí árachais é an Polasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha.

Cad iad na teagmhais a chumhdaítear

Cumhdaítear na teagmhais seo a leanas faoin bPolasaí seo má théann siad i bhfeidhm ar shuíomh d'áirithinte, má tharlaíonn siad i ndiaidh thráth déanta na háirithinte, agus má chuireann siad cosc nó toirmeasc dlíthiúil ar áirithint amach anseo nó ar áirithint atá ar bun a chríochnú (dá ngairtear “Teagmhais” sa Pholasaí seo):

Éigeandálaí sláinte poiblí agus eipidéimí dearbhaithe. Ina measc sin tá eipidéimí, paindéim agus éigeandálaí sláinte poiblí atá dearbhaithe ag an rialtas. Ní áirítear orthu sin galair eindéimeacha (mar shampla, an fliú) nó galair a bhaineann go coitianta le ceantar (mar shampla, maláire sa Téalainn). Níl COVID-19 cumhdaithe faoin bPolasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha seo.

Srianta taistil ón rialtas. Srianta éigeantacha taistil arna bhforchur ag gníomhaireacht rialtais, amhail ordú aslonnaithe. Ní áirítear orthu sin foláirimh taistil neamhcheangailteacha ná treoir chomhchosúil ón rialtas.

Gníomhartha míleata agus cogaíocht eile. Gníomhartha cogaidh, cogaíocht, ionraí, cogadh cathartha, sceimhlitheoireacht, pléascanna, buamáil, reibiliúin, círéibeacha agus éirí amach.

Briseadh mórscála fóntas riachtanach. Briseadh fada fóntas riachtanach, amhail teas, uisce agus leictreachas, a théann i bhfeidhm ar fhormhór mór na dtithe in áit ar leith.

Tubaistí nádúrtha. Tubaistí nádúrtha agus teagmhais adhaimsire eile. Ní chumhdaítear aimsir nó dálaí nádúrtha atá coitianta go leor gur féidir iad a thuar in áit ar leith—mar shampla, hairicíní a tharlaíonn le linn shéasúr na hairicíní in Florida—ach amháin nuair a bhíonn Teagmhas eile cumhdaithe ag an bPolasaí seo mar thoradh orthu a chuireann cosc ar chríochnú na háirithinte, amhail ordú éigeantach aslonnaithe nó briseadh mórscála fóntas riachtanach.

Cad a tharlaíonn má théann Teagmhas atá clúdaithe i bhfeidhm ar áirithint

Nuair a tharlaíonn teagmhas mórscála, déanaimid measúnú ar an gcás chun a chinneadh an bhfuil feidhm ag an bPolasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha. Má tá, gníomhachtaímid an Polasaí don limistéar agus don tréimhse ama lena mbaineann i gcás ina mbeimid ag súil go gcuirfidh an Teagmhas cosc nó toirmeasc dlíthiúil ar áirithintí a chríochnú. D'fhéadfadh sé nach mbeadh áirithintí lasmuigh den limistéar sainithe agus den tréimhse ama shainithe incháilithe, cé go bhféadfaí go mbeadh óstaigh fós in ann an áirithint a chur ar ceal gan drochiarmhairtí mura bhfuil siad in ann óstáil. Déanaimid monatóireacht leanúnach ar na cásanna sin agus déanaimid an cumhdach a choigeartú de réir mar is gá chun teacht le dálaí a athraíonn go leanúnach. Má chreideann tú go mbaineann an Polasaí seo le d'áirithint, déan teagmháil linn chun fiosrú a dhéanamh faoi incháilitheacht.

An méid nach gcumhdaítear

Tuigimid go bhféadfadh cúinsí eile nach bhfuil smacht agat orthu cur isteach ar do phleananna. I gcásanna ar bith nach bhfuil liostaithe thuas, beidh d'áirithint fós faoi réir pholasaí cealaithe an óstaigh don liostú.

I measc na samplaí de theagmhais choitianta nach gcumhdaítear faoin bpolasaí seo tá:

  • Teagmhais a théann i bhfeidhm ar aoi nó ar a c(h)umas a bheith ag taisteal, ach ní suíomh na háirithinte
  • Gortú nó breoiteacht gan choinne
  • Oibleagáidí rialtais amhail dualgas giúiré nó teacht os comhair na cúirte
  • Foláirimh taistil neamhcheangailteacha nó treoir eile ón rialtas nach bhfuil cosc nó toirmeasc taistil i gceist leo
  • Imeacht dá ndearnadh an áirithint a chur ar ceal nó a athsceidealú
  • Cur isteach ar iompar nach mbaineann le Teagmhas atá cumhdaithe, amhail dócmhainneacht aerlíne, stailceanna iompair, agus dúnadh bóithre mar gheall ar chothabháil

Maidir le háirithintí nach gcumhdaítear faoin bPolasaí seo, molaimid d'aíonna agus d'óstaigh teacht ar shocrú atá inghlactha go frithpháirteach, amhail aisíocaíocht iomlán nó aisíocaíocht pháirteach nó athrú ar dhátaí na háirithinte. Tabhair faoi deara gur faoi rogha an óstaigh atá aon aisíocaíochtaí lasmuigh de pholasaí cealaithe na háirithinte. Ní bhíonn Airbnb páirteach sna haisíocaíochtaí sin ná ní ráthaíonn sé iad.

Conas a théann an polasaí seo i bhfeidhm ar óstaigh

Má tá áirithint faoi chumhdach an Pholasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha, is féidir le hóstaigh áirithint a chur ar ceal gan táillí agus gan drochiarmhairtí eile. Má chuireann óstach an áirithint ar ceal faoin bpolasaí seo, cuirfear bac ar fhéilire a liostaithe le linn dhátaí na háirithinte a cuireadh ar ceal. Má chuirtear áirithint ar ceal faoin bPolasaí seo, ní bhfaighidh an t-óstach eisíocaíocht as dátaí na háirithinte a cuireadh ar ceal, nó, má rinneadh an eisíocaíocht cheana féin, coinneofar siar méid na haisíocaíochta ón gcéad eisíocaíocht/na chéad eisíocaíochtaí eile.

Is cuma cé acu atá áirithint cumhdaithe ag an bPolasaí seo nó nach bhfuil, is féidir le hóstaigh áirithint a chur ar ceal ar chúiseanna bailí áirithe, amhail damáiste mór do liostú, gan táillí nó gan drochiarmhairtí eile. Tá sé d'oibleagáid ar óstaigh áirithint a chur ar ceal má tá a liostú do-áitrithe nó mura bhfuil sé ag teacht leis an áit a chur an t-aoi in áirithe; mura ndéanann óstach amhlaidh d'fhéadfadh sé go mbainfí an liostú, go gcuirfí na háirithintí atá ann cheana ar ceal agus go dtabharfaí aisíocaíocht d'aíonna go dtí go mbeadh an liostú ináitrithe agus ag teacht leis an gcur síos ar an liostú. Mura ndéantar é sin is sárú é ar ár bPríomhrialacha d'óstaigh, agus d'fhéadfadh iarmhairtí a bheith ann dá thoradh, go fiú an cuntas a bhaint.

Rudaí eile le bheith ar an eolas fúthu

Ní chuireann an Polasaí seo teorainn le do chearta faoi rialacháin áitiúla, agus ní dhéanann aon chinntí a dhéanann Airbnb faoin bPolasaí seo difear do do chearta reachtúla.

An raibh an mhír seo úsáideach?

Míreanna gaolmhara

Faigh cabhair le d'áirithintí, do chuntas, agus rudaí eile.
Logáil isteach nó cláraigh