Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                

Cluiche is ea galf. Imrítear galf amuigh ar mhachaire gailf, agus buailtear an liathróid le maide gailf chun í a chur isteach i bpoll i líon beag strócanna agus is féidir. Imríonn daoine galf ina n-aonar, nó mar chuid d'fhoireann. Ag an ngnáthleibhéal, imrítear galf ar chúrsa 18 bpoll, no ar roinnt cúinsí, ar 9 bpoll. Tá sé éigeantach go bhfuil tí-bhosca a bheith ag an tús agus plásóg amais a bheith ag deireadh an bpoll iarbhír. Tá tír-raon eile idir eatarthu, ar nós, buncair, banóig, garbhlach agus guaiseanna uisce ach tá gach poll leithleach maidir leis an struchtúr agus an leagan amach a bhaineann leis.

Infotaula d'esportGalf
Cineálcluiche liathróide, sport with racquet/stick/club (en) Aistrigh agus spórt oilimpeach
Tír dhúchaisAlbain
Páirc Galf

Deirtear gur in Albain a d'eascair an cluiche. Cruthaíodh an babhta 18 bpoll ag St.Andrews[1] sa bhliain 1764. Is é an chéad mhórchomórtas Galf, agus níos mó ná sin an comórtas is sine sa domhan ná, an Craobh Oscailte'The Open Championship' [2] as Béarla, a imríodh den chéad uair sa bhliain 1860 in Ayrshire, Albain. Is é an comórtas seo ceann de na ceithre mhórchomórtas i ngalf ghairmiúil na bhfear, agus imrítear na trí cinn eile sna Stáit Aontaithe: Na Máistrí (The Masters), Oscailte na Stát Aontaithe (The U.S. Open) , agus Craobh na PGA (PGA Championship)[3].

Cúrsa Gailf

cuir in eagar
 
Plásóg le buncair

Go hiondúil, baineann cúrsa gailf le 9 nó 18 bpoll, agus plásóg thíála ag gach ceann acu atá idir dhá mharcálaí a thaispeánann an ceantar tí, an garbhlach, an banóg, agus guaiseacha eile nasctha leis an gcluiche, chomh maith leis an bplásóg amais agus an cupán taobh istigh den. Ar cúrsa gailfe rialta, bíonn 18 bpoll ann ach tá cúrsaí le 9 bpoll coitianta freisin. Más mar sin é, is féidir dhá bhabhta a imirt chun 18 bpoll san iomlán, a bhaint amach.

Athraítear an féar tríd an chúrsa chun deacracht a méadú don imreoir gailf nó ar amasú a cheadú ach braitheann sé ar an bpoll agus an achar a bhaineann leis. Cé go bhfuil go leor phoill deartha ar bhealach le radharc díreach ó bplásóg thíála go dtí an plásóg amais, cas an formhór ar chlé nó ar dheis.

Tá dhá cineál galfchúrsa, dumhach ghailf agus buille agus amas. Is cúrsa níos giorra é 'buille agus amas' a úsáidtear don spraoi seachas iomaíochas.

Tá rialacha gailf comhréiteach de sraith rialacháin agus nósanna imeachta trína choir an cluiche a imirt, go cothrom, ar mhaithe leis na himreoirí agus an chúrsa. Is é bunphrionsabal na rialacha ná 'cothroime' agus baintear amach é as pionóis a úsáid. Mar a luaitear an chúlchlúdach an leabhar rialacha oifigiúil:

"Play the ball as it lies, play the course as you find it, and if you cannot do either, do what is fair".[4]

Lena chois sin, cloíonn imreoirí gailf le sraith treoirlínte darb ainm nósmhaireacht gailf agus is minic a fheictear go bhfuil siad chomh tábhachtach leis an spórt agus na rialacha nasctha leis. Clúdaíonn treoirlínte nósmhaireacht gnóthaí cosúil le sábháilteacht, féaráilteacht agus oibleagáid a chomhlíonadh chun cuidiú ar cúram an cúrsa. Cé nach bhfuil aon pionós don sarú na rialacha seo, cloíonn na galfairí leis na rialacha chun feabhas a chur ar taithí imeartha, go pearsanta agus do na himreoirí eile.

Is buille nó buillí breise é an pionós a chuirtear ar scór imreora, díreach de réir na rialacha. Nuair a thabhaítear pionós mar gheall ar liathróid caillte nó liathróid in áit
do-imeartha (guais, mar shampla), imríonn an galfaire liathróid nua nó gluaiseann sé an bun-ceann chun cloí leis na rialacha. Go ginearálta, déantar na pionóis a chomháireamh i dteannta ar aon luasc buailte ar an liathróid. Áfach, i gcúinsí eisceachtúla, le linn cluichí neamhfhoirmiúila, níl an buille pionós páirteach sa chluiche. Go simplí, tógann an imreoir buille eile gan aon titeog. De bharr sin, cabhraíonn leis an cluiche chun a bheith níos taitneamhaí i suíomh cairdiúil. Seo iad na sáruithe faoi rialacha gailf:

  • Níos mó maidí sa mhála ghailf ná ceadaithe.
  • Scór mícheart taifeadta ar an scórchárta.
  • Ag talmhú an maide i nguais.
  • An liathróid i nguais uisce.
  • An liathróid caillte nó thar teorainn.
  • An liathróid do-imeartha.[5]

Trealamh (Maidí Gailf)

cuir in eagar
 
Iarann

Le haghaidh an chéad stróc de gach poll, úsáidtear tí. Is é 'plásóg thíála' an t-ainm a dtugtar don áit a tharlaíonn an stróc sin. De ghnáth, ní cheadaítear an liathróid a chur thar maoil ach ar an gcéad buille den poll, 'tíbhuille' an t-ainm gairmiúil atá aige, rud mídhleathach don aon buille eile. Is féidir gnáth-tí a chruthú as adhmad nó as plaisteach marthanach. Is iomaí tí in-athúsáidte, in-bhithmhillte agus éiceolaíoch ar fáil freisin.

Is cineál club é an iarann a úsáidtear chun an liathróid ghailf a chur ag gluaisteacht i dtreo an phoill. Go hiondúil, bíonn feac maide gailf níos giorra agus ceann an mhaide níos lú ná na hadhmaid. As iarann soladach nó as cruach atá an ceann déanta agus is é an príomh-gné a bhaineann leis ná aghaidh leibhéalta, ar fír agus mór. Úsáidtear iad i réimse leathan cásanna, go speisialta ón bplásóg thíála ar phoill níos giorra, ón banóg agus ón garbhlach, mar a théann an t-imreoir chuig an plásóg. Úsáidtear iad sna ghuaiseacha fresisin, chun an liathróid a bhaint as. Is iad an iarann an saghas club is coitianta sa chluiche. Is iondúil go mbeidh idir seacht agus a haon déag iarainn i ngach foireann maidí, dingeacha san áireamh.

 
Adhmaid

Tá feaic níos faide ag adhmaid le ceann níos cruinne ná aon saghas club eile. Úsáidtear iad chun achar fhada a fháil tar éis an liathróid a bualadh. Adhmad a thugtar ar na maidí seo mar, go traidisiúnta, mar bhí ceann maide acu a rinneadh as crua-adhmad, crann dátphlumaí, go ginearálta. Sa lá atá inniu ann, is as miotal a dhéantar na maidí nua-aimseartha, miotal cosúil le tíotáiniam agus snáithín carbóin. Bíonn na hadhmaid uimhreacha in ord ardaitheach ag tosú leis an maide mór agus ag críochnú leis an naoú adhmad.[6] Fresin, i láthair na huaire, díoltar an chuid is mó de na adhmaid as féin ach bíonn foireann máidí le hadhmaid céanna ar fáil go fonnmhar. Mar is gnách, Bíonn maidí móra agus adhmaid banóg i ngach fhoireann maidí, hibridí, san áireamh, chomh maith.

 
Mála Gailf

Mála Gailf

cuir in eagar

Úsáidtear mála gailf chun trealamh pearsanta agus an fhoireann maidí a chaomhnú, go sábháilte, ar iompair tríd an chúrsa gailf. Is iomaí póca ceangailte leis an mála seo, le píosaí don liathróidí, lámhainní agus mar sin de. Tá strapa láimhe agus strapa gualainne ar gach mála agus is féidir iad a iompar go fisiciúil nó le cairrín gailf.

Bróga Gailf

cuir in eagar

Caithtear bróga gailf le spicí miotail nó i gcásanna éagsúla spicí plaisteacha agus tá siad dearta ar bhealach chun buillí níos cruinne agus níos faide a bhaint amach.

 
Amasán

Úsáidtear amasán chun strócanna gearr agus luas an-íseal leis an sprioc chun a liathróid a casadh i dtreo an phoill. Bíonn sé difreáilte ó na clubanna eile, an iarann, an adhmad, srl le ceann an mhaide leibhéalta agus ísle, le gnéithe eile atá oiriúnach do amasáin amháin, ar nós, treoracha ionaid agus lúbtha feaic. Go hiondúil, úsáidtear amasáin ó achar idir an liathróid agus an pholl. Is maide ríthábhachtach é an amasán agus ní féidir aon poll a críochnú gan é. Tá oiliúint speisialaithe ar an uirlis seo agus bíonn ceann amháin ag gach galfaire.

Coinneáil Scoir

cuir in eagar

Is iad an dá chineál bhunúsacha a bhaineann le galf ná meaits-imirt (match-play) agus buille-imirt (stroke-play).[7] Seachas sin, is iomaí formáidí eile ann, sna chomórtais ghailf, a bhfuil foirmeacha imirt 'oifigiúil' ag baint leis, 'Stableford', 'Cluiche Ceathrair' agus 'Cluiche Ceithre-Liathróid', san áireamh. I measc na gcineálacha cluichí eile, tá comórtas ''Patsome', 'Skins', ''String', 'Chapman' agus 'Flag'.

Is é an príomhaidhm ná an liathróid a imirt i beag strócanna agus is féidir, sa bhabhta. Is é an buaiteoir ná an imreoir a déanann é chun an cúrsa a chríochnú. Tarlaíonn 'poll d'aon bhuille' nuair a cuireann galfairí an liathróid isteach sa pholl lena gcéad stróc ón bplásóg thíála. Is é an 't-iolar' an rud is cóngaraí do poll d'aon bhuille agus 'bógaí traiarach' an ceann is measa sa spórt.

Imir Foireann

cuir in eagar

Cluiche Ceathrair

cuir in eagar
 
Cluiche Ceathrair

Imrítear 'Cluiche Ceathrair' idir beirt galfairí i comhpháirtíocht ag bualadh an liathróid duine i ndiaidh duine, de rogha air sin. Tosaíonn imreoir amháin a chur leis na bpoill corruimhreacha agus an imreoir eile leis na bpoill ré-uimhreacha, beag bean ar an imreoir a rinne an amas sa pholl roimh ré.[8] Imrítear na buillí eile ar a chéile go dtí deireadh an pholl. Ní dhéanann buillí pionóis aon rud i dtreo an cluiche. Is féidir aon 'Cluiche Ceathrair' a imirt faoi rialacha meaits-imirt nó buille-imirt.

Liathróid Ceathrair

cuir in eagar

Imríonn gach galfaire sa chluiche seo lena laithróid féin agus tógadh an scór is fearr ag na foirne tar éis gach pholl. Is féidir 'Liathróid Ceathrair' a imirt faoi rialacha meaits-imirt nó buille-imirt[9]. I gcomórtas trí-liathróid, imríonn triúr imreoirí in aghaidh a chéile, agus de bharr sin, imríonn na galfairí dhá chluiche ar leith. Is cineál beagán difriúil é 'Best Ball' a imrítear ar an mbealach go imríonn galfaire amháin in aghaidh an liathróid is fearr de dhá cheann nó an liathróid is fearr de thriúr imreoir.

Galf Gairmiúil

cuir in eagar
 
Galfaire Gairmiúil (Rory McIlroy)

Is galfaire gairmiúil ná duine a fhaigheann íocaíocht as an spórt a imirt. Nuair a téann tú ina cheann go gairmiúil, tá sé an-deacair a stádas amaitéarach a faigh ar ais. Go díreach, níl go leor chun íocaíocht a dhiúltú do chomórtas áirithe. Oibríonn formhór de na galfairí gairmiúla mar ghairmithe múinteoireachta agus ar an gcaoi sin, ní ghlacann siad páirt in aon rud eile ná comórtais áitiúla. Tá mionlach beag de ghalfairí gairmiúla ina comórtas cóitseálaí gairmiúil gailf agus bíonn siad ag iomaíocht ar thurais idirnáisiúnta, go lánaimseartha. Tosaíonn na gairmithe seo mar imreoirí amaitéaracha agus éirionn siad gairmiúil tar éis rath i mhórchomórtais as duais-airgead a bhuachan nó urraíocht a fháil.

Is é 'Jack Nicklaus' an galfaire is rathúla sa spórt a bhuaigh 18 mhórchomórtas ina ghairm.[10]

Mórchomórtas na bhfear

cuir in eagar

Is iad mórchomórtas gailf na bhfear na ceithre chomórtas bliantúla is mó le rá i ngalf gairmiúil agus imríonn na galfairí is airde as gach cearn den domhan sna himeachtaí seo. Sular tháinig an Craobh na PGA (PGA Championship) agus Na Máistrí (The Masters), ba iad na ceithre mórchomórtas sa spórt ná Oscailte na Stát Aontaithe (The U.S. Open), Amaitéarach na Stát Aontaithe (The U.S. Amateur), An Craobh Oscailte (The Open Championship) agus Amaitéarach na Briotaniagh (The British Amateur)[11].

 
Jack Nicklaus (an Galfaire is Rathúla sa domhan)

Tarlaíonn 'Craobh na PGA' gach bliain i mí na Bealtaine agus imrítear é in áiteanna éagsúla sna Stáit Aontaithe. Bhuaigh Jack Nicklaus agus Walter Hagen[12] é cúig huaire, as féin. Déarfadh an comórtas is mó, tarlaíonn 'Na Máistrí' gach bliain i mí Aibreáin in Augusta. Bhuaigh Jack Nicklaus é ba mhó as aon duine eile, sé huaire san iomlán. Tarlaíonn 'Oscailte na Stát Aontaithe' gach bliain i mí an Mheitheamh agus imrítear é in áiteanna éagsúla sna Stáit Aontaithe. Bhuaigh Jack Nicklaus, Ben Hogan[13] agus Willie Anderson[14] é ceithre huaire, as féin. Tarlaíonn 'An Craobh Oscailte' gach bliain i mí Iúil agus imrítear é i ngalfchúrsa dumhcha sna Ríocht Aontaithe. Bhuaigh Harry Vardon[15] é ba mhó as aon duine eile, sé huaire san iomlán.

Mórchomórtas na mban

cuir in eagar
 
Bean galfaire ag iarraidh amas a aimsiú

Le himeacht na mblianta, tá athrú taghtha arís agus arís eile ar an liosta de na mhórchomórtas atá aitheanta ag Turas LGPA sna Stáit Aontaithe. Cosúil leis an Turas PGA sa chluiche na bhfear, bhí ceithre mhórchomórtas ann, ach i láthair na huaire, tá cúig ann; An Inspioráid ANA (The ANA Inspiration), Craobhchomórtas PGA na mBan (Women's PGA Championship), Oscailte na Stát Aontaithe na mBan (The U.S. Women's Open), Oscailte na Briotanaigh na mBan (The Women's British Open) agus An Craobhchomórtas Evian (The Evian Championship)[16]. Tá LGPA níos ceannasaí i ngalf na mban ná an PGA i ngalf na bhfear.

Roimh thús an 'Craobhchomórtas Evian', bhí bunú ar na mórchomórtas na mban beagnach mar an gcéanna le na bhfear. Sa dá chás, tá trí mhórchomórtas á óstáil ag an Stáit Aontaithe, agus ceann amháin sna Ríocht Aontaithe. Tarlaíonn an 'Craobhchomórtas Evian' sa Fhrainc. Is é 'An Inspioráid ANA' an chéad mhórchomórtas den séasúr agus bíonn sé ar siúl ar cúrsa aonair, cosúil leis Na Máistrí.

Is í Patty Berg an galfaire is rathúla in LGPA le 15 mórchomórtas.[17]

  1. "The St Andrews Golf Club". www.thestandrewsgolfclub.co.uk. Dáta rochtana: 2019-03-25.
  2. "The Open - The official site of The 148th Open at Royal Portrush" (en). The Open. Dáta rochtana: 2019-03-25.
  3. "PGA Championship 2019 | The Official Website of the PGA Championship at the Bethpage State Park, Black Course, Farmingdale, NY, USA brought to you by PGA.com" (en). www.pga.com. Dáta rochtana: 2019-03-30.
  4. "Rules of Golf - The R&A's guide to golf rules". www.randa.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-12-30. Dáta rochtana: 2019-03-28.
  5. Brent Kelley Brent Kelley is an award-winning sports journalist, Golf Expert with Over 30 Years in Print, Online Journalism. "10 Common Penalties in Golf" (en). ThoughtCo. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-01. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  6. Brent Kelley Brent Kelley is an award-winning sports journalist, Golf Expert with Over 30 Years in Print, Online Journalism. "Know Your Golf Clubs and Understand the Woods" (en). ThoughtCo. Dáta rochtana: 2019-03-25.
  7. "Types of Golf Competitions and Golf Scoring Systems |" (en-US). Dáta rochtana: 2019-03-31.
  8. "Golf Scoring Methods - My Online Golf Club". www.myonlinegolfclub.com. Dáta rochtana: 2019-03-31.
  9. Brent Kelley Brent Kelley is an award-winning sports journalist, Golf Expert with Over 30 Years in Print, Online Journalism. "How to Play a Four Ball Golf Match" (en). ThoughtCo. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-01. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  10. Brent Kelley Brent Kelley is an award-winning sports journalist, Golf Expert with Over 30 Years in Print, Online Journalism. "Top 25 Male Golfers of All-Time" (en). ThoughtCo. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-30. Dáta rochtana: 2019-03-30.
  11. Brent Kelley Brent Kelley is an award-winning sports journalist, Golf Expert with Over 30 Years in Print, Online Journalism. "The Major Championships in Golf for Men, Women, Senior and Amateurs" (en). ThoughtCo. Dáta rochtana: 2019-03-30.
  12. "Walter Hagen | American golfer" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2019-03-30.
  13. Brent Kelley Brent Kelley is an award-winning sports journalist, Golf Expert with Over 30 Years in Print, Online Journalism. "Looking Back at the Giant Career of Golf Legend Ben Hogan" (en). ThoughtCo. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-30. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  14. Push Interactive, (ia@pushhere.com). "Anderson, Willie" (en-US). Dáta rochtana: 2019-04-01.
  15. "Harry Vardon | British golfer" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  16. "MAJORS | LPGA | Ladies Professional Golf Association". LPGA. Dáta rochtana: 2019-03-30.
  17. Brent Kelley Brent Kelley is an award-winning sports journalist, Golf Expert with Over 30 Years in Print, Online Journalism. "Know Your LPGA Legends: Facts, Figures and Trivia About Petty Berg" (en). ThoughtCo. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-30. Dáta rochtana: 2019-03-30.