Moltke Moe
Scoláire béaloidis agus gníomhaí teanga ón Iorua a bhí in Ingebret Moltke Moe, a tháinig chun saoil i Krødsherad, cúige Viken, ar an 19 Meitheamh 1859 agus a fuair bás in Kristiania (inniu Oslo) ar an 15 Nollaig 1913.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 19 Meitheamh 1859 Krødsherad, An Iorua |
Bás | 15 Nollaig 1913 54 bliana d'aois Christiania, An Iorua |
Áit adhlactha | Vestre Aker kirkegård |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ollamh, scríbhneoir |
Fostóir | Ollscoil Osló |
Teangacha | An Ioruais |
Teaghlach | |
Athair | Jørgen Moe |
Siblín | Ole Falk Moe agus Védastine Aubert |
Saol
cuir in eagarMinistir Protastúnach agus bailitheoir mór béaloidis a bhí ina athair féin, agus ní raibh i Moltke Moe óg ach stócach ocht mbliana déag d'aois nuair a thosaigh sé ag tionlacan a athar ag bailiú seanscéalta i gceantar Telemark.
Bhí Moe ina Ollamh le Béaloideas roimh aon duine eile i gCríoch Lochlann. Bhain sé amach an gradam seo sula raibh tríocha bliain d'aois nó céim ollscoile aige.
Cúrsaí teanga
cuir in eagarI gcúrsaí teanga, bhí Moe barúlach gur chóir dhá chaighdeán scríofa na hIoruaise, an Bokmål agus an Nynorsk, a thabhairt in araicis a chéile. Ghlac sé páirt i ndréachtáil cheartlitriú na bliana 1907. Leis an gceartlitriú seo cuireadh caighdeán "Ioruach" in aghaidh an chaighdeáin "Dhanmhargaigh" don Bokmål: le fírinne d'athraigh ainm na teanga sin ó Riksmål go Bokmål san am.
Béaloideas
cuir in eagarBéaloideasaí ab ea é.[1]
Tionchar
cuir in eagarTháinig an teangeolaí agus Reidar Th. Christiansen, mac léinn Moe, go hÉirínn sa bhliain 1920.[2]
Féach freisin
cuir in eagarSaothair
cuir in eagar- Eventyrlige sagn i den ældre historie (1906)
- Folkeminne frå Bøherad (1925)
- Samlede Skrifte (1926)[3]
- Folke-eventyr frå Flatdal (1929)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Ó Cathain, Séamas (1999). "Oíche Fhéile Bríde agus Lá Lúnasa / THE FESTIVAL OF BRIGIT THE HOLY WOMAN in Celtica". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-21. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Folsom, Christina Marie / nuigalway.ie. "The Irish Folklore Commission Questionnaire System, 1936-1945". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Moltke Moe (1926). "Moltke Moes Samlede skrifter" (as da). H. Aschehoug & Company.