Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                

Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain 1912 chun cur i gcoinne an Rialtais Dúchais d'Éirinn is ea Óglaigh Uladh (UVF, nó as Béarla, na Ulster Volunteers, agus le linn na dTrioblóidí an Ulster Volunteer Force).

Bosca Sonraí EagraíochtaÓglaigh Uladh
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálparaimíleatach Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaDílseachas Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodhBealtaine 1966
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Ulster Volunteer Force
 
1914

Bhunaigh an dlíodóir Edward Carson, James Craig, agus ceannairí aontachtaithe agus dílseacha i gCúige Uladh Óglaigh Uladh an chéad uair agus bhagair siad éirí amach fuilteach dá mbunófaí parlaimint i mBaile Átha Cliath.

Home Rule is Rome Rule ("is é Rialtas na Róimhe an Rialtas Dúchais") agus Ulster will fight and Ulster will be right ("cuirfidh Ulaidh troid agus beidh an lá ag Ultaibh") na manaí a bhí acu.

 
UVF, Victoria Crosses, Béal Feirste

Shínigh breis is dhá chéad míle duine Cúnant Uladh lena dtacaíocht a léiriú d'Óglaigh Uladh, agus tháinig an eagraíocht ar an bhfód agus eagar míleata uirthi. Ceannaíodh na mílte gunnaí agus armlón as Hamburg sa Ghearmáin agus tugadh isteach go Latharna iad. Dhiúltaigh oifigigh de chuid Arm na Breataine in Éirinn gníomhú in éadan na bparaimíleatach seo, agus mar sin, cuireadh bun le Óglaigh na hÉireann faoi cheannas cheannaire an Pháirtí Náisiúnta, John Redmond, mar fhreagra ar Óglaigh Uladh agus an dóigh a raibh siad ag bagairt an fhéinriail a chur ar ceal.

Nuair a ceadaíodh an fhéinriail faoi dheireadh i 1920 rinneadh críochdheighilt ar Éirinn agus tugadh a bparlaimint féin d'aontachtóirí Uladh, agus flaitheas aici ar shé chinn de chontaetha Chúige Uladh.

 
Béal Feirste

Na Trioblóidí

cuir in eagar

Tháinig eagraíocht sceimhlitheoireachta sheicteach chun cinn sna 1960idí faoin ainm Ulster Volunteer Force (UVF), agus lucht leanúna na heagraíochta ag áitiú gurb ionann í agus sean-Óglaigh Uladh.

Bhí an tUVF go mór mór i mbun feallmharfóireachta agus pléascánaíochta leis an bpobal Caitliceach a chéasadh is a ghéarleanúint. Cuid de na hÓglaigh seo, bhí an-lámh acu i ngnáthchoirpeoireacht chomh maith, agus iad ag smuigleáil is ag díol drugaí.

21ú haois

cuir in eagar

Inniu tá na paraimíleataigh gníomhach agus ag earcú ball nua. Sceith bhéil is ea daoine san UVF (agus sa CCU agus an Red Hand Commando) as coiriúlacht, mangaireacht drugaí, sracadh airgid ó lucht gnó agus imeaglú. Scáth eagraíocht do na paraimíleataigh dhílseacha an LCC, nó an Chomhairle Pobal Dílseach, a bunaíodh in 2015. Ba é cuspóir na heagraíochta cuidiú leis na grúpaí sin cúl a thabhairt le lámh láidir agus coiriúlacht. Inniu, is léir go bhfuil teipthe ar an bpróiseas claochlaithe.[1]

Glactar leis gurb é an Páirtí Aontachtach Forásach an grúpa polaitiúil is cóngaraí don UVF sna 2010idí-2020idí.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Póilín Ní Chiaráin (13 Deireadh Fómhair 2024). "An DUP ar nós cuma liom faoi chruinnithe le paraimíleataigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-13.