Anfield
Staid pheile (sacair) is ea Anfield atá suite i Learpholl, Sasana. Páirc bhaile an chumainn Liverpool F.C. atá ann, ó bhunaíodh thiar sa bhliain 1892 é. Staid bhaile Everton F.C. a bhíodh ann roimhe sin, idir na blianta 1884 agus 1892, sular bhogadar go Páirc Goodison trasna na cathrach.
Anfield | ||||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | London Borough of Enfield | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Staid sacair | |||
Ailtire | Archibald Leitch | |||
Foirgníocht | 1884 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 1885 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Anfield, England agus Learpholl, England | |||
Suíomh | Anfield Road, Liverpool L4 0TH | |||
| ||||
Codanna | The Liverpool FC Story (en) | |||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Fenway Sports Group (en) | |||
Oibreoir | Liverpool Football Club | |||
Suíocháin | 53,394 | |||
Club | Liverpool Football Club (1892) Everton Football Club (1884–1892) | |||
ID GeoNames | 6288575 | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | liverpoolfc.com… | |||
Tá 45,276 suíochán ann, agus iad roinnte idir ceithre ardán – an Spion Kop, an Príomh Ardán, Ardán an Chéid agus Bóthar Anfield. Taifeadadh an slua ba mhó riamh in Anfield (61,905) sa chluiche idir Liverpool agus Wolverhampton Wanderers sa bhliain 1952. Rinneadh staid lán-suíochán di sa bhliain 1994, áfach, mar a moladh sa Tuarascáil Taylor tar éis an Tubaiste Hillsborough, inar bhásaigh 96 de lucht leanta an chumainn. Laghdaíodh toilleadh na páirce dá bharr.
Tá dhá de gheataí na páirce ainmnithe in ómós do bheirt iarbhainisteoirí an chlub – mar atá Bill Shankly agus Bob Paisley.
Is síol a bhaineann le spórt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |