Edith Roosevelt
Bhí Edith Roosevelt (6 Lúnasa, 1861 – 30 Meán Fómhair, 1948) pósta le Theodore Roosevelt, uachtarán na Stát Aontaithe.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Edith Kermit Carow 6 Lúnasa 1861 Nua-Eabhrac, New York |
Bás | 30 Meán Fómhair 1948 87 bliana d'aois Oyster Bay, New York |
Áit adhlactha | Youngs Memorial Cemetery (en) |
Céadbhean na Stát Aontaithe | |
14 Meán Fómhair 1901 – 4 Márta 1909 ← Ida Saxton McKinley – Helen Herron Taft → | |
Second Lady of the United States (en) | |
4 Márta 1901 – 14 Meán Fómhair 1901 ← Jennie Tuttle Hobart – Cornelia Cole Fairbanks → | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Easpagóideach |
Teanga dhúchais | Béarla Meiriceánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Teaghlach | Roosevelt family (en) |
Céile | Theodore Roosevelt (1886–1919), bás a c(h)éile |
Páiste | Theodore Roosevelt Jr., Archibald Roosevelt, Ethel Roosevelt Derby, Kermit Roosevelt, Quentin Roosevelt |
Athair | Charles Carow agus Gertrude Elizabeth Tyler |
Duine muinteartha | Alice Roosevelt Longworth (leasiníon) |
Rugadh í in Norwich, Connecticut. Bhí cónaí uirthi in aice le Theodore "T.R." Roosevelt i Nua-Eabhrac agus bhí sí mór lena dheirfiúr Corinne. Cailín ciúin a bhí inti agus léadh sé go minic. Théadh sí féin agus T.R. chuig Bá Oyster i rith an tsamhraidh; tháinig deireadh leis seo nuair a thosaigh sé ag freastal ar Ollscoil Harvard. Cé go raibh sí i láthair nuair a pósadh TR agus Alice Hathaway Lee sa bhliain 1880, bhí siad scartha go dtí an bhliain 1885.
Bhuail T.R. le Edith arís ag teach a dheirfiúr bliain i ndiaidh dona chéad bhean bás a fháil. Ar an 17 Samhain, 1885, chuir sé ceiliúr pósta uirthi agus ghlac sí leis. Bhí orthu fanacht tamall áirithe roimh an gcaidreamh a fhoilsiú. Phós siad a gcéile ar an 2 Nollaig, 1886, (bhí Edith 35) ag Séipéal Naomh Seoirse ar chearnóg Hanover i Londain, Sasana. Bhí sí ina "First Lady" ó 1901 go 1909. Cailleadh í ar an 30 Meán Fómhair 1948.