Föhn
Is gaoth the thirim a thagann anuas taobh na fothana de shliabh é föhn.[1] De réir mar a éiríonn aer tais ar thaobh na gaoithe den sliabh, fuaraíonn sé is cailleann an fliuchras de bhrí go gcomhdhlúthaíonn an fliuchras ina bháisteach. Ansin ar an taobh eile den sliabh, tagann sé anuas agus éiríonn níos teo. Is féidir go n-ardófar an teocht sa ghaoth 10 °C taobh istigh de chúpla uair. Faightear a leithéid sna hAlpa san Eoraip. Tugtar chinook uirthi sna Sléibhte Creagacha i Meiriceá Thuaidh, nor-wester sa Nua-Shéalainn, agus zonda san Airgintín.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““föhn” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-16.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Föhn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 278.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |