Robert Curl
ceimiceoir Meiriceánach
(Athsheolta ó Robert Floyd Curl)
Ceimicí a saolaíodh in Alice, Texas ab ea Robert Floyd Curl (1933–2022). Lena chomhghleacaithe Richard Smalley agus Harold Kroto fuair sé an 3ú hallatróp de chuid carbóin, C60, i gcruth cáis sféaraigh, cosúil leis an gcruinneachán geodasach a dhear Buckminster Fuller, agus adamh carbóin ag gach cúinne. Tús le réimse torthúil lán-nua ceimice ab ea na millíní Bucky seo i 1985. Bronnadh Duais Nobel sa cheimic ar an triúr i 1996.[1]
(2009) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Robert Floyd Curl Jr. |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 23 Lúnasa 1933 Alice, Texas |
Bás | 3 Iúil 2022 88 bliana d'aois Houston, Texas |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Rice William Adams High School (en) Ollscoil California, Berkeley Ardscoil Thomas Jefferson |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceimic |
Gairm | ceimiceoir, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Ollscoil Rice Ollscoil Harvard |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Robert Floyd Curl". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 196.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |