Robert Louis Stevenson
Úrscéalaí, file, agus scríbhneoir taistil ab ea Robert Louis Stevenson (13 Samhain 1850 inDún Éideann na hAlban - 3 Nollaig 1894 in Vailima, Samó). Aithnítear leabhair dá chuid go coitianta i measc chlasaicí na litríochta domhanda.[1] Scríobh Stevenson dhá cheann de na leabhair is cáiliúla do pháistí riamh – Treasure Island agus Kidnapped.[2]
Saol
cuir in eagarOileáin agus longa báite na téamaí atá sna leabhair de chuid Stevenson. Baineann na scéalta le háiteanna ina ndeachaigh sé lena mhuintir agus é óg.[2] Ba iad a sheanathair, a athair, a uncailí agus a chol ceathracha a dhear agus a thóg formhór na dteach solais in Albain. Choimeád siad na mílte mairnéalach slán. Ceapadóir ab ea athair Robert Stevenson, Thomas Stevenson (1818 - 1887); d'fhionn sé an "scáthlán Stevenson".[3][2]
Ach bhí níos mó suime ag Robert Louis Stevenson i scríbhneoireacht a dhéanamh ar théamaí na farraige agus na long ná mar a bhí aige i gcúrsaí tógála nó na haireagáin.
Bhain Robert Louis Stevenson cáil amach mar scríbhneoir lena bheo. Áirítear anois é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a bhfuil aistriúcháin déanta ar a chuid saothair.
Bhásaigh Stevenson ar an 3 Nollaig 1894 in Vailima, Samó. Bhuail rith fola san inchinn é, is cosúil, in aois 44 dó.
Saothar
cuir in eagarI measc roinnt dá shaothar tá
- Oileán an Órchiste[4] (Béarla: Treasure Island, A Child's Garden of Verses,
- An Fuadach (Béarla: Kidnapped); i nGaeltacht na hAlban atá cuid mhaith den scéal lonnaithe.
- Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde (Béarla: The Strange Case of Dr. Jekyll and Mr. Hyde), agus
- Maighistir Bhaile na Trágha (Béarla: The Master of Ballantrae).
Gaeilge
cuir in eagarTá ceithre mhórshaothar dá chuid ar fáil inniu as Gaeilge: Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde, agus Máistir Bhaile na Trá san áireamh. Rinne Leabhar Breac aistriúchán den leabhar Oileán an Órchiste sa bhliain 2014 agus Kidnapped / An Fuadach in 2016.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Maitiú Ó Coimín (2016). "‘Kidnapped’ – scéal ‘scleondrach atmaisféarach’ Robert Louis Stevenson ar fáil i nGaeilge ó Leabhar Breac" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-03.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 cogg.ie. "Eureka". Dáta rochtana: 2021.[nasc briste go buan]
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- ↑ "Oileán an Órchiste | Leabhar Breac". leabharbreac.com. Dáta rochtana: 2020-12-03.