Racghrúpa Meiriceánach é The Beach Boys. Bunaithe sa bhliain 1961, thuill siad cáil agus rath le dlútharmóiní agus liricí a rinne cur síos ar chultúr na n-óg i gCalifornia sna laethanta seo - tonnmharcaíocht, cailíní agus carranna.
Ar dtús, bhí an banna comhdhéanta de Brian Wilson (amhránaí, ceoltóir, cumadóir), a dheartháireacha Carl agus Dennis, a gcol ceathrair Mike Love agus cara leo Al Jardine. B'é an príomh-chúigréad seo, in éineacht le David Marks agus Bruce Johnston, a bhí glactha isteach sa Rock and Roll Hall of Fame sa bhliain 1988.
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.