Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

An difríocht idir athruithe ar: "An Gairdín Cuimhneacháin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
+múnla
Líne 40: Líne 40:
[[Catagóir:Foirgnimh i mBaile Átha Cliath]]
[[Catagóir:Foirgnimh i mBaile Átha Cliath]]
[[Catagóir:Páirceanna i mBaile Átha Cliath]]
[[Catagóir:Páirceanna i mBaile Átha Cliath]]
{{Páirceanna BÁC}}

Leagan ó 21:32, 4 Deireadh Fómhair 2019

An Gairdín Cuimhneacháin

Is gairdín cuimhneacháin suite i mBaile Átha Cliath é an Gairdín Cuimhneacháin, i gcuimhne orthu uile siúd a fuair bás ag iarraidh saoirse na hÉireann a bhaint amach.

Uachtarán an lae Éamon de Valera a d'oscail an Gairdín mar chuid de chomóradh leath-chéad Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1966. Seasann an Gairdín ar an áit ina mbunaíodh Óglaigh na hÉireann thiar sa bhliain 1913. Ar an láthair chéanna a chaith roinnt de cheannairí an Éirí Amach an oíche deireanach, sular seoladh go Príosún Chill Mhaighneann iad.

Imeachtaí réabhlóideacha

Déantar comóradh in ómós dóibh a chailleadh mar chuid de:

An Aisling

Sa bhliain 1976, chum an Bleácliathach Liam Mac Uistín píosa filiochta dár teideal an Aisling atá scríofa ar bhallaí an ghairdín.

"An Aisling"

I ndorchacht an éadóchais rinneadh aisling dúinn.

Lasamar solas an dóchais agus níor múchadh é.

I bhfásach an lagmhisnigh rinneadh aisling dúinn.

Chuireamar crann na crógachta agus tháinig bláth air.

I ngeimhreadh na daoirse rinneadh aisling dúinn.

Mheileamar sneachta na táimhe agus rith abhainn na hathbheochana as.

Chuireamar ár n-aisling ag snámh mar eala ar an abhainn. Rinneadh fírinne den aisling.

Rinneadh samhradh den gheimhreadh. Rinneadh saoirse den daoirse agus d'fhágamar agaibhse mar oidhreacht í.

A ghlúnta na saoirse cuimhnígí orainne, glúnta na haislinge.