Charles Augustin de Coulomb
Ainm sa teanga dhúchais | (fr) Charles-Augustin de Coulomb |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 14 Meitheamh 1736 Angoulême, An Fhrainc |
Bás | 23 Lúnasa 1806 70 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
102 Uachtarán Acadamh na nEolaíochtaí | |
1801 – 1801 ← Claude Louis Berthollet – René Just Haüy → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Collège des Quatre-Nations École royale du génie de Mézières |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Leictreamaighnéadas agus soil mechanics (en) |
Suíomh oibre | Martinique Páras |
Gairm | fisiceoir, innealtóir comhraic, saighdiúir, oifigeach míleata, innealtóir, saighdiúir |
Ball de | |
Teangacha | An Fhraincis |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | saighdiúir |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Gradam a fuarthas |
Fisicí a rugadh in Angoulème na Fraince ab ea Charles Augustin de Coulomb (14 Meitheamh 1736 – 23 Lúnasa 1806). Rinne sé taighde ar fhrithchuimilt, agus cheap an toirsiúnmeátán an-íogair chun na fórsaí aomtha leictreacha is maighnéadacha a thomhas. Chruthaigh sé dlí Coulomb i 1785: bíonn an fórsa idir dhá lucht leictreacha díreach i gcomhréir le hiolrú na luchtanna, agus i gcomhréir inbhéartach leis an bhfad eatarthu cearnaithe. Más iad p is q an dá lucht, agus d an fad eatarthu, is é an fórsa eatarthu F = p q/(4 π ε0 d2), agus is tairiseach ε0 (= 8.854 × 10-12 N m2) a dtugtar ceadaíocht saorspáis air. Bíonn an fórsa seo dírithe ar feadh na líne idir na luchtanna, i dtreo a chéile (aomadh) más luchtanna neamhchosúla iad, amach ó chéile (éaradh) más luchtanna cosúla iad. Ainmnítear aonad an luchta leictrigh, an cúlóm, as.
Tagairtí
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |