Elon Musk
Is fiontraí, fear gnó, ilbhilliúnaí, innealtóir, agus aireagóir é Elon Reeve Musk (a rugadh in Pretoria, san Afraic Theas ar 28 Meitheamh 1971).[1][2] Aithnítear é mar chomhbhunaitheoir PayPal, SpaceX, Tesla Motors agus Solar City.
Cheannaigh sé ar Twitter nó "X" in 2022 agus bhain sé úsáid as in 2024 le linn Feachtas Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024 chun tacaíocht a thabhairt do Trump. Ansin ar an 12 Samhain 2024, chuir Trump Musk i gceannas ar thogra speisialta a bhfuil sé mar aidhm aige costais rialtais na Stát Aontaithe a laghdú agus a éifeacht a mhéadú.[3]
Airgeadas
D'éirigh Musk ina ilbhilliúnaí i dtús na 2000idí nuair a bhunaigh sé PayPal, an gcóras íoctha ar líne is mó ar domhan,
Iompar
Tá cáil ar Musk as an Tesla Roadster a chruthú, arbh é an chéad ghluaisteán leictreach inmharthana na linne seo, Bhí infheistíocht déanta ag Musk i dTesla sa bhliain 2004 (ní raibh ann ach $6.5 million) agus ó 2008 ar aghaidh, bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Tesla.
Tá cáil ar Musk chomh maith as leagan príobháideach den tointeálaí spáis (an F9/Dragon) a dhearadh.
Ag comhdháil TED i gCeanada sa bhliain 2022, thaispeáin an ceapadóir an físeán seo[2] a bhaineann lena thogra, an ‘Boring Company’. Tá sé mar fhís ag Musk tolláin iompair a tholladh sa talamh faoi chathracha móra mar Los Angeles.
Cheannaigh Elon Musk Twitter - "X" anois - ar 27 Deireadh Fómhair 2022.[4][5] Ar dtús, i mí Aibreáin 2022, bhí bord Twitter go mór in aghaidh an comhlacht a dhíol le Elon Musk ar an gcéad ásc. Ach ghéill siad nuair a leasaigh sé a thairiscint agus nuair a deimhníodh go raibh an maoiniú faighte aige. Cheannaigh sé Twitter ar phraghas an-ard ag an am, $44 billiún.[6]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Agallamh le Musk (2022). "Elon Musk talks Twitter, Tesla and how his brain works — live at TED2022" (as en).
- ↑ 2.0 2.1 "Elon Musk Takes An Awkward Turn As 'Saturday Night Live' Host" (en). NPR.org. Dáta rochtana: 2022-11-08.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-13). "Trump le Musk a cheapadh i ról speisialta rialtais i SAM" (as ga-IE).
- ↑ Sanjay Patnaik, Robert E. Litan, and James Kunhardt (2022-11-04). "The national security grounds for investigating Musk’s Twitter acquisition" (en-US). Brookings. Dáta rochtana: 2022-11-05.
- ↑ NÓS (2022). "‘Is beag an tionchar a bheidh ag Musk ar Twitter na nGael’ – Scannell" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-11-08.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-04-26). "Muinín ag bunaitheoir Twitter as a bhfuil ar intinn ag Elon Musk" (as ga-IE).