Mairéad Mhic Dhonncha: Difríocht idir leaganacha
m corr using AWB |
m corr using AWB |
||
Líne 1: | Líne 1: | ||
{{Bosca_sonraí_ceoltóir | |
{{Bosca_sonraí_ceoltóir | |
||
ainm_an_cheoltóir = Mairéad Mhic Dhonncha | |
ainm_an_cheoltóir = Mairéad Mhic Dhonncha | |
||
íomhá = [[Íomhá:Amhráin_is_Ansa_Liom-Mairead_Mhic_Dhonncha-www.TG4.ie-5926217645_022826c9c5.jpg |240px| Mairéad Mhic Dhonncha ar TG4 |
íomhá = [[Íomhá:Amhráin_is_Ansa_Liom-Mairead_Mhic_Dhonncha-www.TG4.ie-5926217645_022826c9c5.jpg |240px| Mairéad Mhic Dhonncha ar TG4]] | |
||
fotheideal = | |
fotheideal = | |
||
ainm_breithe = | |
ainm_breithe = | |
Leagan ó 06:18, 13 Samhain 2019
Teimpléad:Bosca sonraí ceoltóir Is amhránaí ar an sean-nós í Mairéad Mhic Dhonncha.
Saol
Rugadh agus tógadh Mairéad Mhic Dhonncha i gCuas an Bhodaigh, Baile Reo, Corca Dhuibhne, ach tá cónaí uirthi le fada i Ráth Chairn i gContae na Mí.
Tá Mairéad Mhic Dhonncha ag casadh amhráin ó bhí sí ina cailín beag bídeach, is ón mBlascaod a muintir. Fuair sí a stór amhráin óna máthair, Máire Mhic Ní Shúilleabháin. Col ceathrar le Muiris Ó Súilleabháin ba í.[1]
Bhain sí amach a lán duaiseanna san amhránaíocht ar an sean nós ag féilte. Buaiteoir ar Chomórtas na mBan ba í ag an Oireachtas. Bhí an corn Pan-Cheilteach buaite aici chomh maith le Gradam Sean-Nóis Cois Life.[2]
TG4
Rinneadh roinnt clár a raibh sé d'aidhm acu (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus í ag casadh amhrán ar an sean-nós. Thar na blianta, tháinig Mairéad Mhic Dhonncha ar mórán chláir teilifíse mar aoi-amhránaí. Bhí Mairéad Mhic Dhonncha ina aoi-amhránaí ar Amhráin is Ansa Liom ar TG4 le linn an dara sraith sa bhliain 2011 is í cur síos ar na hamhráin is fearr léi, ar an stíl ceoil is ansa léi agus ar foinse na n-amhrán atá aici.[3]
Diosceolaíocht
Up Cuas, 1990
Sa bhliain 1990, d’eisigh Mairéad Mhic Dhonncha a chéad cheirnín, 'Up Cuas!' (Cuas an Bhodaigh, Baile Reo, Corca Dhuibhne).[4] Tá 12 amhráin in iomlán ar an sean nós ar an albam seo.
- An Cailín Deas Rua
- Éamonn Mágáinne
- Oileán Dhún an Óir
- Ó Beir mo Bheannacht
- Máire Bheag de Barra
- An Páistín Fionn
- Raghadsa is mo Cheaitísaí
- Rá na nGearaltach
- Táimse ar an mBaile Seo
- Táim Sínte ar do Thuama
- An Seanduine
- An Dílleachta Fáin
Bun an Bhaile
Tá amhráin Chorca Dhuibhne ar an diosca an seo, mar shampla Éamon Mhagáine, Beauty Deas an Oileáin, agus Bruach na Carraige Báin.[5]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Mar a dúirt Mairéad Mhic Dhonncha sa chlár ó TG4 ar YouTube
- ↑ dar le CIC
- ↑ Chas sí na hamhráin is ansa léi: 'Oileán Dhún an Óir', 'Táimse ar an mbaile seo', agus 'Táim sínte ar do Thuama'.
- ↑ Cló Iar-Chonnachta
- ↑ CIC
Naisc sheachtracha
Físeanna
- Mairéad Mhic Dhonncha ar TG4, ag casadh Táim Sínte ar do Thuama
- Mairéad Mhic Dhonncha ar TG4, ag casadh Oileán Dhún an Óir