Na Cruithnigh
Cineál | treibh |
---|---|
Teanga | an Chruithnis |
Eapainm | tatuáil |
Tréimhse | An Iarannaois sa Bhreatain Mhór agus An Mheánaois Luath |
Tíreolaíocht | |
Stáit | an Ríocht Aontaithe |
Cónaidhm dreamanna san Albain thoir agus thuaidh ab ea Cruithnigh i rith tréimhsí Iarannaois déanach na Breataine agus luath-meánaois na hAlban roimh theacht na nGael. Bhí cónaí orthu ó thaoibh thuaidh desna haibhneacha Foirthe agus An Chluaidh. Bhí an cháil orthu go gcuiridís dathanna ar a gcoirp.
Ní mór ár n-eolas ar na Cruithnigh, ná ar a dteanga, cé go ndéanann foinsí Gaelacha agus Rómhánacha trácht orthu. Is féidir a gcríocha agus a gcultúr a thuiscint as téacsanna dá leithéid agus Galláin Chruithneacha. Mar shampla, feictear a n-ainm Laidine, Picti, i dtaifid scríofa ón Seandacht go dtí an 10ú haois.
Teanga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugann foinsí na meánaoise le fios go raibh teanga ar leith acu, .i. Cruithnis. Creidtear inniu gur theanga Cheilteach na nOileán a bhí ann, gaolmhar go gar leis an mBriotainic labhartha ag na Briotanaigh ina gcónaí ó dheas, ach tá díospóireacht leanúnach fós ann faoin teanga a labhair siad.[1][2][3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ The language of the Picts Curtha i gcartlann 2023-08-01 ar an Wayback Machine ar orkneyjar.com
- ↑ Language in Pictland, Katherine Forsyth, 1997 (PDF)
- ↑ Forsyth, Literacy in Pictland, Forsyth, 1998 (PDF).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |