Sinn Féin
Is páirtí náisiúnach bunreachtúla Éireannach é Sinn Féin. Tá stair fhada ag an bpáirtí seo, agus é ar thús cadhnaíochta ag cur shaoirse na hÉireann chun cinn le céad bliain anuas. B'é an páirtí seo a chuir cor i gcinniúint na hÉireann agus a bhain amach neamhspleáchas don tír.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | SF | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Poblachtánachas in Éirinn populist socialism (en) náisiúnachas ar an eite chlé poblachtachas Linguistic nationalism | ||||
Ailíniú polaitíochta | eite chlé ar chlé ón lár | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 28 Samhain 1905, Baile Átha Cliath | ||||
Bunaitheoir(í) | Art Ó Gríofa | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Grúpa na Clé i bParlaimint na hEorpa | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Mary Lou McDonald (2018–) | ||||
Foilsiú inmhéanach | An Phoblacht | ||||
Úinéir de | |||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | https://www.sinnfein.ie/ https://www.sinnfein.ie/ga/ | ||||
Stair an Pháirtí
cuir in eagarNa blianta luatha
cuir in eagarBhunaigh Art Ó Gríofa “Cumann na nGaedheal” ar an 30 Meán Fómhair 1900 a d’éirigh “Sinn Féin” níos déanaí sa bhliain 1905.
Bhunaigh Art Ó Gríofa agus an "chéad" Sinn Féin ar an 28 Samhain 1905, sa Rotunda, BÁC.[1] Ba é Edward Martyn[2] a bhí sa chathaoir 28 Samhain 1905 sa Rotunda nuair a bunaíodh gluaiseacht Sinn Féin [3]. Ba é a gcéad uachtarán é. Mar ghluaiseacht a bhreathnaigh sé orthu agus ní mar pháirtí polaitiúil. .
Bhí an Gríofach báúil le Poblacht neamhspleách in Éirinn. San am céanna, thuig sé nach mbeadh sé furasta a leithéid de chuspóir a bhaint amach, agus mar sin, b'í an chéad aidhm a chuir sé roimh an bpáirtí ná féinrialtas nó neamhspleáchas teoranta: ní bheadh sé réasúnta ná réadúil an nasc leis an mBreatain Mhór a bhriseadh go huile is go hiomlán, dar leis, ach feabhas mór a bheadh san fhéinrialtas teoranta féin. "Démhonarcacht" is féidir a thabhairt ar an réiteach a bhí i gceist ag an nGríofach, nó bhí a chuspóir múnlaithe ar an gcineál monarcacht dhúbailte a cuireadh i bhfeidhm ar an Ungáir sa bhliain 1867, nuair a bhí an tír sin ceangailte den Ostair in Impireacht na hOstaire agus na hUngáire.
Ní raibh aon bhaint ag Sinn Féin le hÉirí Amach na Cásca, ach mura raibh, is í an chiall chontrártha a bhain na húdaráis agus na nuachtáin araon as imeachtaí an Éirí Amach, nó bhí na focail The Sinn Féin Rebellion - ceannairc Shinn Féin - le léamh ar fud na háite tar éis an Éirí Amach.
Nuair a cuireadh ceannairí an Éirí Amach, ar nós an Phiarsaigh féin, chun báis, d'éirigh na Náisiúnaithe i bhfad ní b'fhíochmhaire agus ní ba radacaí ina meon. Ní raibh eagraíocht pholaitiúil dá gcuid féin ag lucht an Éirí Amach, áfach, agus chuaigh siad chun caibidlíochta leis an nGríofach chun Sinn Féin a iompú ina pháirtí réabhlóideach.
Sinn Féin i ndiaidh 1918
cuir in eagarRoimh thoghchán na bliana 1918, chuaigh ceannairí nua i seilbh Shinn Féin. D'fhág Art Ó Gríofa an halmadóir ag Éamon de Valera agus ag daoine eile a tháinig ina mbeo as an díoltas a d'agair na Gaill ar lucht an Éirí Amach. Ansin, bhí Sinn Féin ina pháirtí Poblachtánach go hiomlán.
Bhuaigh an páirtí 73 shuíochán de na 105 cinn a bhí ar fáil in Olltoghchán na bliana 1918, agus ansin, d'fhógair feisirí an pháirtí nach mbeidís sásta Westminster a bhaint amach ná a gcuid suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hImpireachta Gallda i Londain. I dtús na bliana 1919, tháinig feisirí Shinn Féin le chéile le Dáil Éireann, nó parlaimint neamhspleách Phoblacht na hÉireann, a ghairm chun beatha. D'fhógair an Chéad Dáil seo neamhspleáchas na hÉireann, agus thosaigh Cogadh na Saoirse in Éirinn.
I rith an chogaidh seo, bhí Sinn Féin i gceann rialtas réabhlóideach na hÉireann. Nuair a shínigh toscairí na hÉireann an Cogadh Angla-Éireannach, áfach, scoilt an páirtí ina dhá chuid. Chaith tromlach na dTeachtaí Dála a gcuid vótaí ar son an Chonartha, 64 vóta ar fad, ach mar sin féin, dhiúltaigh mionlach mór acu don Chonradh, 57 vóta ar fad. Thairis sin, bhí tromlach na nÓglach ag tacú leis an mionlach seo.
Sinn Féin i ndiaidh an Chonartha
cuir in eagarBhí scoilt sa pháirtí maidir leis an gConradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921. An taobh de Shinn Féin a dhiúltaigh don Chonradh, thug siad Sinn Féin orthu féin go fóill. Iad siúd a thacaigh leis an gConradh, is é an t-ainm a ghlac siad orthu féin ná Cumann na nGaedheal - nó Cumann na nGael i litriú an lae inniu. Chuir an dá pháirtí seo cogadh cruálach ar a chéile, Cogadh na gCarad, nó Cogadh Cathartha na hÉireann.
B'iad lucht tacaithe an Chonartha a bhuaigh an cogadh, ach tar éis an chogaidh féin, ní raibh lucht an taoibh eile sásta a ndlisteanas a admháil. Bhunaigh na buaiteoirí tír fhéinrialaitheach i sé chontae fichead den tír - Saorstát Éireann. Mar sin, is minic a thugtar "Státairí" nó "Saorstátairí" orthu, agus ainm na bPoblachtánach ag tagairt do lucht an taoibh eile. Chaithfeadh Teachtaí Dála an tSaorstáit dílseacht a mhóidiú do Rí Shasana, rud nár thaitin le hÉamon de Valera ná leis na Poblachtánaigh eile.
Mar sin féin, mhol de Valera do Shinn Féin páirt a ghlacadh sna toghcháin agus an chumhacht a bhaint amach sa tír ar dhóigh pholaitiúil, in áit na láimhe láidre. Chuir sé an cheist ar vóta ansin, agus nuair a chaill sé an vóta, d'fhág sé Sinn Féin le páirtí dá chuid féin - Fianna Fáil - a bhunú dóibh siúd a bhí sásta triail a bhaint as an gcóras polaitíochta bunreachtúla.
Sinn Féin 1930 - 1970
cuir in eagarNuair a thréig de Valera agus lucht leanúna Fhianna Fáil an páirtí, níor fágadh ach dream beag coimeádach sa pháirtí. Ní raibh caidreamh rómhaith ag iarsmaí Shinn Féin leis an IRA, ach an oiread, cé gurbh iad siúd an fórsa ba thábhachtaí agus ba threise i bhfad sa pholaitíocht Phoblachtánach.
Sa bhliain 1939, d'éirigh leis an bpáirtí agus leis an arm teacht chun réitigh sa deireadh thiar thall, ach mar sin féin, chuir polasaí neamhfhreastail an pháirtí an-bhac ar a fhás is ar a fhorbairt.
Sna seascaidí, thiontaigh gluaiseacht na Poblachta ar chlé, nuair a rinne go leor de na Poblachtánaigh a gcuid féin den anailís Mharxach ar chás na hÉireann. Ní raibh iomlán na gcomhaltaí sásta leis an gcasadh seo, agus ag Ard-Fheis an pháirtí sa bhliain 1970, chuaigh scoilt nua air. Iad siúd a chloígh leis an Náisiúnachas traidisiúnta, chuir siad Sinn Féin Sealadach ar bun, agus an chuid eile, chuaigh siad le polaitíocht na heite chlé i Sinn Féin Oifigiúil.
Sinn Féin i ndiaidh na scoilte
cuir in eagarIs é Sinn Féin Sealadach an páirtí a bhíonn i gceist ag lucht an lae inniu, nuair a dhéanann siad tagairt do "Shinn Féin". I rith na dTrioblóidí sa Tuaisceart, ba nós dearcadh ar Shinn Féin mar chraobh pholaitiúil an IRA.
Ba é Ruairí Ó Brádaigh a bhí ina chathaoirleach ar an bpáirtí i dtús báire, ach inniu, is é Gearóid Mac Ádhaimh an ceannaire. Ó na hochtóidí i leith, tháinig athrú ar sheasamh polaitiúil an pháirtí de réir a chéile, agus iad ag tréigean mheon na gleice armtha ar mhaithe leis an bpolaitíocht bhunreachtúil. Dá thoradh sin, scoilt an páirtí arís, agus sin faoi dhó. Sa bhliain 1986, ghlac an páirtí leis an moladh éirí as polasaí an neamhfhreastail i leith Dháil Éireann agus suíocháin a lorg sa Dáil. Ansin, thréig Ruairí Ó Brádaigh agus lucht a leanúna an páirtí le Sinn Féin Poblachtach a bhunú. Tháinig scoilt nua ar an bpáirtí agus ar an IRA nuair a thoiligh an páirtí leis an sos cogaidh sa Tuaisceart. Iad siúd a dhiúltaigh don tsíocháin, bhunaigh siad an Real-IRA. Mar sin féin, chuaigh Sinn Féin ó neart go neart sna toghcháin, agus in olltoghchán na Breataine sa bhliain 2005; bhuaigh an páirtí sé shuíochán, agus é ar an bpáirtí náisiúnaíoch is mó anois i dTuaisceart Éireann.
Sinn Féin an lae inniu
cuir in eagarTá Sinn Féin páirteach sna hinstitiúidí polaitiúla ó thuaidh agus ó dheas. Bhí Máirtín Mac Aonghusa (Martin McGuinness) ina Leas-Chéadaire sna 6 chontae sna 2010idí. Bhí borradh nach beag faoi thacaíocht don pháirt ó dheas ag an am sin. In Olltoghchán na hÉireann, 2020, bhuaigh an páirtí 37 suíochán i nDáil Éireann agus an líon is airde de vótaí céadrogha de na páirtithe ar fad, an toradh is fearr a bhí acu i stair an stáit neamhspleáigh.
Meastar gur páirtí de chuid na heite clé é Sinn Féin, agus iad ag tacú le cearta lucht oibre níos láidre, dáileadh níos cothroime den tsaibhreas, agus leibhéalta níos airde de chaitheamh poiblí. Meastar chomh maith gur páirtí liobrálach é i dtaobh na gceisteanna sóisialta, iad ag tacú mar shampla le haisghairm an ochtú leasú sa reifreann a ritheadh i bPoblacht na hÉireann i 2018.[4]
An Páirtí sna 2020dí
cuir in eagarSan Olltoghchán 2020 sa Phoblacht bhuaigh Sinn Féin 37 suíochán agus an líon is airde de vótaí céadrogha, an toradh is fearr a bhí ag an bpáirtí sin ó cuireadh ar bun ina fhoirm reatha é sa bhliain 1970. Don chéad uair, b'é Sinn Féin an freasúra oifigiúil sa Dáil, agus Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin, ar an chéad bhean a raibh ról cheannaire an fhreasúra oifigiúil aici.
Sa Toghchán Chomhthionól Thuaisceart Éireann 2022 d'éirigh le Sinn Féin 27 suíochán a bhuachan, 2 cheann sa bhreis ar an bpríomh-pháirtí aontachtach,an DUP. Don chéad uair riamh, ní raibh ag páirtí aontachtach an móramh sa Tuaisceart.[5]
Bhí ardú 2% tagtha ar an sciar den vóta a fuair Sinn Féin sna toghcháin áitiúla 2024 sa Phoblacht i gcomparáid leis an sciar a fuair siad sna toghcháin áitiúla i 2019. Sin ráite, tháinig ardú as cuimse ar an tacaíocht do Shinn Féin san Olltoghcháin i 2020 . I gcomparáid leis an sciar den vóta a fuair siad san olltoghchán sin, bhí titim 13% tagtha ar an tacaíocht dóibh sna toghcháin áitiúla i 2024 (figiúr gur mór idir é agus an 30% a bhí á léiriú don pháirtí sna pobalbhreitheanna a rinneadh le linn 2023/2024).[6] Mar sin ní raibh cúis cheiliúrtha ag Sinn Féin i ndiaidh na dtoghchán seo; níor bhain siad ach 102 suíochán, ach dúbailt an méid sin an sprioc a bhí acu.[7][8][9]
San Olltoghchán na R-A 2024 i dTuaisceart Éireann, fuair Sinn Féin seacht suíochán, an líon céanna agus a bhí acu sa pharlaimint in 2019, sna toghcheantair chéanna. Toghadh John Finucane (Béal Feirste Thuaidh); Paul Maskey (Béal Feirste Thiar); Pat Cullen (Fear Manach agus Tír Eoghain Theas); Cathal Mallaghan (Lár-Uladh): Dáire Hughes (An tIúr agus Ard Mhacha); Chris Hazzard (An Dún Theas); agus Órfhlaith Begley (Tír Eoghain Thiar). Feisirí nua ba ea Pat Cullen, Cathal Mallaghan agus Dáire Hughes.
Le linn 2024, bhí Sinn Féin ag déileáil le roinnt géarchéimeanna atá ag bagairt dochar a dhéanamh dá bhfeachtas. Tháinig sé chun solais gur thug beirt bhall den pháirtí (Seanadóir Niall Ó Donnghaile agus Michael McMonagle) teistiméireacht d’iaroifigeach preasa an pháirtí ainneoin gur admhaíodh coireanna mí-úsáide gnéis. Chomh maith leis sin, d'eirigh beirt Teachtaí Dála as (Patricia Ryan agus Brian Stanley), ar chúiseanna ar leith. I gcás amháin, rinne an Teachta Dála gearán faoin gcaoi ar láimhseáil an páirtí líomhain maidir le hiompar neamhoiriúnach.[10][11] .
Struchtúr an Pháirtí
cuir in eagar- cumainn
- comhairlí ceantair
- cúigí
- Coiste Seasta
- Ard-chomhairle
Ógra Shinn Féin
cuir in eagarTá eite óg ag an pháirtí darb ainm Ógra Shinn Féin. Is eagraíocht í atá gníomhach ar chúrsaí a bhaineann le hógánach Éireannach dar leo féin. Tá siad i mbun feachtasaíochta ar réimse ábhar, mar shampla, ceisteanna sóisialta: drugaí, féinmharú, bochtanas mac léinn agus cearta na n-oibrithe, agus tá siad glórach ar athaontú na hÉireann agus cur chun cinn neamhspleáchas na tíre.
Ceannairí
cuir in eagar- Edward Martyn (1905-08)
- John Sweetman (1908)
- Art Ó Gríofa (1908-17)
- Éamon de Valera (1917-22 & 1923-26), níos déanaí ina cheannaire Fhianna Fáil (1926–59)
- J. J. O'Ceallaigh (1926-31)
- Brian O'Higín (1931-33)
- An tAth. Micheál O'Flanagan (1933-35)
- Cathal Ó Marchadha (1935-37)
- Margaret Buckley (1937-50)
- Pádraig Mac Lógáin (1950-53)
- Tomás Ó Dubhghaill (1953-54)
- Pádraig Mac Lógáin (1954-62)
- Tomás Mac Giolla (1962-70), níos déanaí ina cheannaire Pháirtí na nOibrithe (1970-88)
- Ruairí Ó Brádaigh (1970-83) níos déanaí ina cheannaire Shinn Féin Poblachtach (1986-anois)
- Gearóid Mac Ádhaimh (1983-2018)
- Mary Lou McDonald (2018 ar aghaidh)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Founding of Sinn Féin 1905 - BY Mícheál MacDonncha". www.sinnfein.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-29. Dáta rochtana: 2020-11-28.
- ↑ nli.ie. "1916". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "MARTYN, Edward (1859–1923)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-11-28.
- ↑ "Labour vs Sinn Féin: what's the difference?" (en). SpunOut.ie - Ireland's Youth Information Website. Dáta rochtana: 2020-01-01.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-05-08). "6 mhí atá ag páirtithe ó thuaidh le rialtas a bhunú" (as ga).
- ↑ Cinnte is mór an difear idir toghcháin áitiúla agus olltoghcháin.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-11). "Céard a insíonn torthaí na dtoghchán áitiúil dúinn?" (as ga-IE).
- ↑ Eoin Ó Murchú (17 Meitheamh 2024). "Éiginnteacht faoina dteachtaireacht is cúis le tubaiste Shinn Féin sna toghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-17.
- ↑ "Beagnach gach ceann den 949 suíochán sna húdaráis áitiúla líonta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-11). Dáta rochtana: 2024-06-11.
- ↑ Nuacht Mhall, Gaillimh (19 Deireadh Fómhair 2024). "19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-10-20.
- ↑ The Journal Team (2024-10-15). "Pressure on McDonald amid accusations of misleading Oireachtas on former senator's departure" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2024-10-20.