Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                

Is feiniméan aeráide é tuar ceatha (nó an bogha báistí, bogha ceatha, bogha sínstua ceatha):[1] an stua solais, agus dathanna uile an speictrim infheicthe ann, a chruthaítear nuair a athraontar is a fhrithchaitear go hinmheánach gathanna solais na gréine ag braonta báistí, ag feidhmiú mar a bheadh priosmaí nó lionsaí iontu. Le feiceáil nuair a bhíonn an ghrian taobh thiar den bhreathnadóir is an bháisteach os a chomhair amach. Feictear bogha dúbailte ceatha uaireanta má athraontar na gathanna solais dhá uair sna braonta báistí.[2]

Tuar ceatha
imeacht ama: físeán

De réir lucht na heolaíochta, is é solas na gréine ag taitneamh ar bhraonta báistí sa spéir faoi ndearna an tuar ceatha. Is amhlaidh atá roinnt soilse i solas na gréine, agus ní mar a chéile aon dá cheann acu. Is speictream dathanna atá sa tuar ceatha, agus is iad na cinn seo a luaitear go traidisiúnta (ón taobh amuigh go dtí an taobh istigh): dearg     , flannbhuí/oráiste     , buí     , uaine     , gorm     , plúirín/indeagó      agus corcairghorm     .

Gluaiseann na léasa solais ón ngréin ina dtonnta. Gan amhras tá na tonnta solas seo an-bheag ar fad. Ní hé an tonnfhaid chéanna atá ag aon dá cheann de sna soilse a thagann chugainn ón ngréin. Is féidir a chruthú go bhfuil na soilse uile atá áirithe anseo i solas na gréine.

Má gheibhtear priosma gloine agus léas solais do scaoileadh tríd, chíofar roinnt soilse le malairt dathanna ag teachta amach ar an dtaoibh eile den phriosma. Nuair a théann an solas tríd an bpriosma, ní hé an lúbadh céanna a dhéanann an gloine ar aon cheann acu. Is mo lúbtar cuid acu ná a chéile. De bharr an lúbtha seo is ea thagann malairt dathanna amach ar an dtaobh eile.

Má bhíonn solas na gréine ag taitneamh ar bhraonta báistí sa spéir, lúbtar an solas faoi mar a dhéanann an priosma, i dtreo go bhfeicimid na dathanna go léir a chíotar sa thuar ceatha. Iliomad priosmaí ag lúbadh solais na gréine a bhíonn sna braonta báistí, mar a déarfá.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, rainbow
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).