Aaron Burr
Ba é Aaron Burr an 3ú Leasuachtarán na Stát Aontaithe. Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir
Roghnaíodh é mar sheanadóir do Nua-Eabhrac agus chaith sé sé bhliana ann. I 1801 tháinig Thomas Jefferson i gcomharbacht ar uachtaránacht na tíre agus thosaigh Burr mar leasuachtarán. D'oibrigh sé anseo ar feadh 4 bhliana. Tar éis na leasuachtaránachta sheas sé don gobharnóireacht Nua-Eabhraic. Nuair a chaill sé an toghchán chuir sé an milleán ar George Clinton agus Alexander Hamilton. Chuir sé sabaitéireacht ina leith. Sheol Burr agus Hamilton litreacha eatarthu agus d'éiligh Burr troid gunna. Ghlac Hamilton leis. Sa throid lámhaigh an bheirt acu ach gortaíodh Hamilton go marfach. Bhuail an piléar a ae agus a dhromlach. Cuireadh cúiseamh roimh Burr ach ní chiontaíodh é.
Tar éis na heachtra sin bhí a ghairm polaitiúil millte. Taisteal sé siar agus léasaigh sé timpeall 40,000 acra ó rialtas na Spáinne ach d'fhág sé an talamh sin. Bhí sé féimhithe agus d'imigh sé go dtí an Eoraip. Tar éis tamaill tháinig sé ar ais go Meiriceá. Phós sé arís ach ag deireadh a shaoil scar a bhean uaidh.