Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Binn Éadair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceann Bhinn Éadair.

Sráidbhaile cois farraige ar an taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath í Binn Éadair. Tá an chuid is mó den bhaile suite ar leithinis i gCuan Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar Ceann Bhinn Éadair. Cuid de Fine Gall atá ann. Dar le daonáireamh 2016, bhí 8,277 duine ina gcónaí ann.

Tá calafort iascaireachta agus seoltóireachta ann.

Tíreolaíocht

Tá Binn Éadair suite ar Cheann Bhinn Éadair, 13 ciliméadar (8.1 míle) soir ó thuaidh ón ardchathair. Tá an sráidbhaile féin lonnaithe ar an bpointe den leithnis is faide ó thuaidh. Níl ach baile amháin eile ag críochantach leis - mar atá, Cill Fhionntáin.

Stair

Tá caisleán de chuid an 15ú haois ann agus tuama réamhstairiúil a dtugtar Uaigh Aoidín air. Tugadh 900 gunna isteach anseo chun na hÓglaigh a armáil i mí Iúil 1914.