Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Boko Haram

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
eachtraí foréigin, léarscáil, Boko Haram

Grúpa bunchreidmheach Ioslamach sa Nigéir, san Afraic, is ea Boko Haram (Háisis: cosc ar an léann iasachta/neamh-Ioslámach). Is é ainm foirmeálta an ghrúpa ná Jama'atu Ahlis Sunna Lidda'awati Wal-Jihad, a chiallaíonn in Araibis "daoine a bhfuil sé mar dhualgas orthu teagasc an fháidh agus an jiohád a chur chun cinn".

Sceimhlitheoireacht

Dhúnmharaigh Boko Haram na mílte idir 2009-2015, 28,978 duine mar "mheastachán coimeádach" ón Council of Foreign Relations.[1][2]eaglaisí Críostaí, fórsaí slándála an stáit, oifigí na Náisiún Aontaithe, oifigí nuachtán, ollscoileanna, stáisiúin, gnólachtaí fón soghluaiste agus eile ionsaithe acu, i dtuaisceart na Nigéire sa chuid is mó. Is sa chuid sin den tír a bhíonn an dlí Sharia i bhfeidhm agus tromlach na ndaoine ina nIoslamaigh.

Tá fear darb ainm Abubakar Shekau i gceannas ar Boko Haram ón mbliain 2009 i leith. Ar 22 Bealtaine 2014 d'ainmnigh na Náisiúin Aontaithe Boko Haram mar eagraíocht sceimhlitheoireachta.[3]

Stair

Cuireadh an grúpa ar bun sa bhliain 2002 i gcathair Maiduguri. D'éirigh Boko Haram níos radacaí de réir a chéile.

Thosaigh an grúpa ag baint úsáide as an bhforéigean sa bhliain 2009 le héirí amach príosúin. Chuir fórsaí slándála bunaitheoir agus ceannairí eile an ghrúpa chun báis ina dhiaidh sin.

Ar an 2 Meitheamh 2014, tharla sléacht i Gwoza in oirthear na Nigéire; dhúnmharaigh Boko Haram breis is dhá chéad duine (200-500+) in ionsaithe[4].

Tagairtí