Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Caorthann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Taxobox

Is crann é an caorthrann, atá gaolta le coll agus dair. Tugtar Rowan air i mBéarla.

Bíonn rath ar chaorthann in ithreacha bochta. Is féidir leis fás go hairde 15-20m agus tá coirt mhín liathdhonn aige. Tá na bláthanna buíbhán agus le feiceáil i mBealtaine - forbraíonn siad ina gcaora dearga le teacht an fhómhair. Is foinse bhia tábhachtach iad na caora d’éin sna hardtailte agus sléibhte.

Bíonn caora dearga ar an gcrann sa bhFómhair. Bhain draíocht leis an gcrann sa bhéaloideas. Bhí an Searbhán Lochlannach ag cosaint an chrainn i scéal Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne ach d'imir Diarmaid (laoch cróga glic) cleas air.