Corcu Duibne
- Féach Corca Dhuibhne le haghaidh na leithinse
Dream agus ríocht suntasach i gContae Chiarraí réamhstairiúil agus mheánaoiseach ab ea an Chorca Dhuibhne (Sean-Ghaeilge Corcu Duibne[1], Gaeilge Chianach DOVVINIA, ainm bandé), bunaithe i Leithinis Chorca Dhuibhne, Leithinis Uíbh Ráthaigh agus tailte eatarthu. De shliocht na nÉrann ab ea an treibh, agus dúradh gurbh é Conaire Mór a sinsear. Is aghaidh dá bharr gur ghaoil i bhfad i gcéin agus amach iad an Dál Riada i gcúige Uladh, chomh maith leis an Múscraí agus an Chorca Bhaiscinn níos giorra.[2] Is de Shíol Chonaire seanscéalach na treibhe úd uile, síolraithe ar deireadh ó Chlanna Dedad.
Fianaise Oghaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá clú agus cáil ag an gCorca Dhuibhne as ucht a gcuid clocha Oghaim, le níos mó ná aon trian amháin desna inscríbhinní úd in Éirinn faighte ar fud an cheantair.
De réir fianaise na gcloch Oghaim, tháinig ann dosna Chorca Dhuibhne chomh luath is an 5ú haois AD.[3][4] Maítear iontu gur de shliocht iad de bhansinsear, DOVVINIA.[5][6][7]
Caomhnaítear Cú Raoi seanscéalach, col ceathrair Chonaire Mhóir, in ainm Ráth barr sléibhe den Iarannaois, Cathair Conraoi, suite ar Leithinis Chorca Dhuibhne.
Clanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba iad rí clanna an Chorca Dhuibhne ná Uí Shé agus Uí Fáilbhe, agus b'fhéidir Uí Chonnaill.[8]
Caidreamh le ríochta eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní thuigtear go cruinn an caidreamh idir an Corca Dhuibhne agus an Eoghanacht Locha Léin in aice leo, ach is amhlaidh go raibh siad in ainm a bheith faoi cheannas an dara acu sa Ríocht cumhacht cé go neamhbhuan Iarmhumhan.[9] Ní léir é cumhacht an Eoghanacht Chaisil, agus is amhlaidh dá bharr gur neamhspleách bíodh go hiargúlta í an chorca sa chéad mhílaois AD.
Corc Duibne
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir scéal na 8ú haoise Tairired na nDéssi, Corc Duibne ab ea bunaitheoir eapainmneach an chorca, de shliocht an tSíol Chonaire. Sa leagan "B" níos déanaí ach go háirithe, faightear sraith sách fada ag insint scéal faoi bhreith agus macghníomhartha Choirc.
Rugadh Corc agus a leathchúpla dearthár Cormac mar thoradh ciorrú coil le Cairbre Músc (a quo Múscraí) agus Duihind, clanna Chonaire Chaoimh. Theip ar na barra de bharr a nginiúna, agus shocraigh na daoine iad a íobrú chun deireadh a chur leis an mallacht. Tháinig draoi ar an bhfód ámh, agus mhol sé go dtógfadh sé Corc go hoileán ar muir, go raibh an that the abomination is out as Éirinn. Ag aithris dáin ag tuar gach rath ar mhuintir Choirc, thóg an draoi agus a bhean chéile Boí go dtí Inis Boí.
Gach maidin ar feadh bliana, rinne Boí gnás íonghlanta le Corc agus é ina shuí ar dhroim bó báine dheargchluas den alltair. Ar deireadh maidin ansin, cuireadh a mhallacht as Corc, a chuaigh i ngreim na bó, a léim isteach san fharraige agus d'iompaigh go cloch, mar atá Carraig Bhó Boí. Thóg Boí Corc chuig a sheanmháthair, Sárait iníon Choinn Chéadchathaigh, agus sa deireadh d'áitigh sí í, é do thógaint ar ais.[10]
Agus é níos sine, cuireadh Corc amach mar ghiall go cúirt Chormaic mhic Airt, Rí na Teamhrach. Óengus Gabuaibhneach, taoiseach na nDéisí ab ea a athair altrama ann. Nuair a díbríodh Aonghas agus a mhuintir as Teamhraigh tar éis achrainn fhuiltigh le mac an rí, d'éalaigh Corc agus d'imigh lena athair altrama. Ar deireadh, shiúil na Déisí ar an bhfán go dtí oirdheisceart na tíre, agus an oileán amach ón gcaladh ar a tógadh Corc. Rinne sé iarracht iad a áitiú fanacht leis ann, ach thogh siad bogadh ar aghaidh ó thuaidh. D'fhan Corc ann agus bhunaigh sé a theaghlach.[11]
Tagairtí sna hAnnála
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach Annála Inis Faithlinn.
# | Meán-Ghaeilge | Nua-Ghaeilge |
---|---|---|
I989.4 | Congal mc. Anrudain, rí Corcu Duibne, moritur | Conghal mac Anrudain, rí Corca Dhuibhne, moritur |
I1013.4 | Macc Ruith mc. Congale, rí Corcu Duibne, moritur. | Mac Roith mac Conghaile, rí Corca Dhuibhne, moritur. |
I1027.2 | Bas Crínain m. Failbe, ri Corcu Duibne | Bás Chríonáin mhic Fáilbhe, ri Chorca Dhuibhne |
I1040.3 | Mors Gillai Meicc Uíbleáin h-Ui Chongaile, rig Corcu Duibne. | Mors (bás) Giolla Mhic Uí Bhleáin Uí Chongaile, rí Corca Dhuibhne. |
I1041.9 | h-Ua Ségdai, rí Corcu Duibne, do marbad. | Ó Sé(aghdha), rí Corca Dhuibhne, marú. |
I1042.4 | Mathgamain h-Ua Failbe, rígdamna Corcu Duibne, do marbad. | Mathghamhain/Mathúin Ó Fáilbhe, rídhamhna[12] Corca Dhuibhne, marú. |
I1062.4 | Da h-Ua Fálbe, da rígdamna Corcu Duibne, do marbad do h-Uib Echach i m-Bui Bérre. | Dá Ó Fáilbhe, dá rídhamhna Chorca Dhuibhne, maraithe ag Ó Eachach i mBuí Bérre. |
I1063.4 | Cú Dub h-Ua Failbe, rí Corcu Duibne, moritur. | Cú Dubh Ó Fáilbhe, rí Corca Dhuibhne, moritur. |
I1064.6 | Crech mór la Tairdelbach h-i Corcu Duibne & i n-Eoganacht conna taille a arim a tucad[13] do buaib & indilib[14] archena din chreich sin. | Creach mhór le Tairdelbach i gCorca Dhuibhne agus i nEoghanacht, agus ní féidir an táille a áireamh de rachmas na mbó agus bólachta eile tógtha sa chreach sin. |
I1066.3 | Loingsech h-Ua Domnaill, rí aile h-Ua n-Echach, do marbad do Chorcu Duibne. | Loingseach Ó Domhnaill, rí eile Uí Eachach, maraithe ag Corca Dhuibhne. |
I1096.5 | Mathgamain h-Ua Ségdai, ri Corco Duibne, quieuit in Christo. | Mathúin Ó Sé, rí Corca Dhuibhne, quieuit in Christo. |
I1115.7 | Argain Lochlaind h-U Ailbe la Murchad h-Ua Sechdai. | Argain/marú Lochlainn Uí Ailbhe le Murchú Ó Sé. |
I1118.6 | Tadg Ua Segda do marbad o Gallaib Luimnig ocus o Ú Failbe ocus fell o cechtar de fora chéle. | Tadhg Ó Sé maraithe ag gaill Luimnigh agus ag Ó Fáilbhe, agus feall ó cheachtar in aghaidh a chéile. |
I1127.5 | Murcath Ua Segdai acus in Gilla Mantach Ua Falbe & Catal Ua Cathuil iugulati sunt. | Murchú Ó Sé agus an Giolla Manntach Ó Fáilbhe agus Cathal Ó Cathuil iugulati sunt (maraíodh iad). |
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Francis John Byrne. Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a eagrán athbhreithnithe, 2001.
- Vernam Hull. "The Later Version of the Expulsion of the Déssi", in Zeitschrift für celtische Philologie 27 (1958–59), ll. 14–63.
- Paul MacCotter. Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions. Four Courts Press. 2008.
- Eoin Mac Néill. "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29. 1911, ll. 59–114
- —, "Notes on Irish Ogham Inscriptions", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann. 1909, ll. 329–70
- T. F. O'Rahilly. Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 1946.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ireland's Dingle Peninsula Tourism, April 2009". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-03-21. Dáta rochtana: 2019-12-21.
- ↑ Byrne, ll. 63, 171, 174
- ↑ MacNeill 1909, lch. 334
- ↑ MacCotter, lch. 168
- ↑ Byrne, ll. 166–7
- ↑ MacNeill 1909, lch. 334
- ↑ MacCotter, lch. 168
- ↑ Mumu, the Kingdom of Munster le Dennis Walsh ar rootsweb.ancestry.com
- ↑ Byrne, lch. 207
- ↑ The Expulsion Of The Déssi, cuid. 9–11.
- ↑ This Is The Cause Of The Expulsion Of The Déssi To Munster And The Violent Death Of Cormac, sect. 5; 8; 12.
- ↑ rídhamhna, oidhre ríoga, ar teanglann.ie FGB
- ↑ tocad (b), saibhreas, ar eDIL
- ↑ indile, seilbh, (go minic) bólacht, ar eDIL