Maximilian Kolbe
Ba bhráthair Proinsiasach é Maximilian Kolbe (8 Eanáir 1894 – 14 Lúnasa 1941). Fuair Kolbe bás ar son fear eile in Auschwitz. Rinne an Eaglais Chaitliceach naomh de sa bhliain 1982, agus is é naomhphatrún na bpríosúnach é.
Luathshaol
Rugadh i Zduńska Wola san Pholainn é agus fuair sé bás i sluachampa géibhinn Auschwitz.
Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an bráthair Proinsiasach ina bholscaire coiméadach agus é ag cáineadh an caipitleachais, an Chumannachais, an Impiriúlachais agus an tSiónachais ina chuid scríbhinní. Tá an chuma ar an scéal, fiú, go raibh blas frith-Ghiúdachais ar chuid mhaith dár scríobh sé.
Ba misinéir é. I Nagasaki, bhunaigh sé mainistir agus nuachtáin, srl[1].
Cogadh
Nuair a d'ionsaigh na Naitsithe a thír dhúchais, áfach, d'iompaigh sé amach ina chosantóir cróga ag na Giúdaigh a bhí ag éalú ó na Naitsithe, agus é ag tairiscint fárais agus dídine do chuid mhaith acu.
Feallmharú
Sa deireadh thiar thall, chimigh na Naitsithe é. In Auschwitz dó, thairg Kolbe é féin a íobairt thar cionn fear a bhí le cur chun báis, arbh ainm dó Franciszek Gajowniczek. Ghlac na Naitsithe leis an tairiscint, agus básaíodh Kolbe. Maidir leis an bhfear a shábháil sé, mhair sé beo go dtí an bhliain 1995.
Rinneadh naomh de sa bhliain 1982, agus is Kolbe naomhphatrún na bpríosúnach é.
Gaeilge
Tá beathaisnéis i nGaeilge faoi: Ridire Mhuire gan Smál. Beathaisnéis an Athar Maximilian Kolbe, O.F.M., Conv. le Colmán Ó hUallacháin. D'fhoilsigh Desmond Forristal leabhar, Maximilian of Auschwitz.
Tagairtí
- ↑ Smaoineamh fánach le Aonghus (2008). "Lá Fhéile Mhaximilian Kolbe". Dáta rochtana: 15 Lúnasa 2018.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |