Siocaire
Cuma
Cichorium intybus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | radicchio (en) , puntarelle (en) , chicory root (en) agus endigia (en) |
Planda | |
Dath na mbláthanna | gorm |
Cineál an toraidh | aicéin |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Treibh | Cichorieae |
Géineas | Cichorium |
Speiceas | Cichorium intybus L., 1753 |
Is planda ilbhliantúil a fhásann suas le 120 cm ar airde, le bunfhréamh ramhar fhada é siocaire nó lus an tsiocaire (Cichorium intybus).[1] Dúchasach don Eoraip, iarthar na hÁise is tuaisceart na hAfraice, ach tugadh isteach in an-chuid áiteanna eile é. Na duilleoga lansa-chruthach, maothánach nó fiaclach, an ceann uachtarach ag fáisceadh an ghais, na bláthchinn beagnach gan ghais, 2.5-4 cm ar leithead, geal gorm, go hannamh bándearg nó bán. Fástar go háitiúil mar ghlasra is planda leighis é. Úsáidtear na fréamhacha, triomaithe is meilte, in ionad an chaife.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Cichorium intybus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-05.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Siocaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 600.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |