Terry Pratchett
Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir B'úrscéalaí as Buckinghamshire, Sasana é Terence David John Pratchett OBE, (28 Aibreán 1948 –12 Márta 2015). Scríobh Pratchett an tsraith Discworld, saghas úrscéil idir coiméide, fantaisíocht agus ficsean eolaíochta. Tá ceithre mhilliún leabhar díolta ag Pratchett go dtí seo, i roinnt teangacha.
Saothar
Discworld
Tá níos mó ná tríocha leabhar sa tsraith seo. Scigaithris greannmhar atá ann. Níl na leabhair ar fad bainte le chéile, ach is é an Discworld (domhain dioscach atá suite ar dhroim cheithre eilifint, iad féin atá suite ar shliogán turtair) an suíomh. Is fantaisíocht é cinnte, ach is féidir a thuiscint cé atá i gceist sa dhomhan seo.
Úrscéalta do "dhaoine fásta óga"
Úúscéalta do pháistí
Saothair Pratchett i meáin eile
Teilifís
I 1995, rinneadh sraith teilifíse as Johnny and the Dead ar ITV1 i Sasana, leis na h-aisteoirí Brian Blessed, Andrew Falvery, William Stickers agus George Baker.
Drámaíocht
Rinneadh cúpla leabhar Pratchett mar drámaí:
- Wyrd Sisters: The Play (1996)
- Mort: The Play (1996)
- Johnny and the Dead (1996)
- Guards! Guards!: The Play (1997)
- Men at Arms: The Play (1997)
- Maskerade (1998)
- Interesting Times (2002)
- The Truth (2002)
Raidió
Rinneadh cláir raidió as leabhair Terry Pratchett ar BBC Radio 4:
- Guards! Guards!
- Wyrd Sisters
- Mort
- The Amazing Maurice and his Educated Rodents
- Small Gods
Cluichí do ríomhaire pearsanta
Tá roinnt chluichí bunaithe ar an nDiscworld freisin:
- The Colour of Magic
- Discworld
- Discworld II
- Discworld Noir