Éamon Ó Cuív
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 23 Meitheamh 1950 74 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Teachta Dála | |
20 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Teachta Dála | |
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
Ceannaire Fhianna Fáil | |
4 Lúnasa 2011 – 29 Feabhra 2012 ← Brian Seosamh Ó Luineacháin | |
Teachta Dála | |
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
An tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil | |
23 Eanáir 2011 – 9 Márta 2011 ← John Gormley – Phil Hogan → | |
Aire Cosanta | |
20 Eanáir 2011 – 9 Márta 2011 ← Tony Killeen (en) – Alan Shatter → | |
Aire Coimirce Sóisialaí | |
23 Márta 2010 – 9 Márta 2011 ← Máire Ní Ainifín – Joan Burton → | |
Teachta Dála | |
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 30ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2007 | |
Teachta Dála | |
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 29ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2002 | |
Teachta Dála | |
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 28ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1997 | |
Teachta Dála | |
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 27ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1992 | |
Seanadóir na hÉireann | |
12 Deireadh Fómhair 1989 – 25 Samhain 1992 Téarma parlaiminte: 19ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Saíochta agus Oideachais | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil |
Teaghlach | |
Athair | Brian Ó Cuív agus Emer de Valera |
Suíomh gréasáin | eamonocuiv.ie |
Is polaiteoir agus ball den pháirtí Fianna Fáil é Éamon Ó Cuív (a rugadh ar an 23 Meitheamh 1950). Bhí sé ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó 2002 go 2010. Bhí Ó Cuív ar dhuine de na polaiteoirí is mó a bhí luaite le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta ó bhunú an Stáit.[1]
Muintir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Garmhac le hÉamon de Valera atá ann chomh maith le bheith ina mhac leis an scoláire cáiliúil Gaeilge, Brian Ó Cuív. Bhí a uncail Vivion de Valera ina Theachta Dála idir 1945 agus 1981 agus a cholceathar Síle de Valera ina Teachta idir 1977 agus 2007.[2]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is as Baile Átha Cliath é ach is í Gaillimh Thiar a dháilcheantar.
Bhí Ó Cuív ina Sheanadóir ó 1989 go 1992 agus ina Theachta Dála ó 1992 go dtí 2024. Bhí ocht mbliana caite i dTithe an Oireachtais aige faoin am gur ceapadh in Aire Stáit Gaeltachta é in 2002.
Aire Gaeltachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Ó Cuív ina Aire Gaeltachta tráth go raibh an tír go maith as agus chinntigh sé go ndearnadh cuid mhaith infheistíochta in infreastruchtúr na Gaeltachta.
Mar Aire na Gaeltachta bhí Ó Cuív freagrach as forbairt na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus as Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt isteach agus Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.
Ba é a chuir cearta teanga i ndlí na hÉireann leis an Acht Teanga agus le bunú oifig an Choimisinéara Teanga agus ba é is mó b’údar leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. "Níor éirigh le gach gné den reachtaíocht teanga agus níl aon amhras ach nár éirigh le go leor den Straitéis ach d’fhéadfá cás a dhéanamh gur bhain cuid mhór de sin leis an teip iad a chur i bhfeidhm mar ba chóir.”[3]
Airí eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Ó Cuív ina Aire Coimirce Sóisialaí ó 2010 go dtí 2011 agus ina leascheannaire ar Fhianna Fáil idir 2011-2012.
Le linn a thréimhsí sa Rialtas dhírigh sé ar chúnamh a thabhairt do phobal na tuaithe, do mhuintir na n-oileán, do lucht na hiascaireachta agus feirmeoirí beaga agus do mhuintir Thuaisceart Éireann ar an dá thaobh den deighilt pholaitiúil.
Ba é a shaothar ar mhaithe le príosúnaigh ba mhó a tharraing aird. Bhíodh sé go rialta ó Thuaidh ar cuairt ar chimí agus ag casadh le ionadaithe pobail agus lucht deonach ag iarraidh an tsíocháin agus an t-athmhuintearas a chothú.[4] Beag beann ar a fhreasúra don bhforéigean thug sé cluas le héisteacht do ghearáin ó phríosúnaigh pharaimíleatacha le blianta agus rinne sé feachtasaíocht ar son a gcearta.[5]
Éirí as
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an Iúil 26 2024, d’fhógair Ó Cuív go raibh sé ag éirí as an pholaitíocht. Dúirt sé nach raibh an ceathrú glúin de shliocht a sheanathair, bunaitheoir an pháirtí, Eamon de Valera ag dul san iomaíocht ar son an pháirtí.[2]
Deireadh ré don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bhí i nDáil Éireann ar an 7 Samhain 2024 nuair a rinne Ó Cuív a phíosa deireanach cainte roimh éirí as dó.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Próifíl Éamoin Uí Chuív ar shuíomh idirlín Fhianna Fáil Curtha i gcartlann 2011-02-09 ar an Wayback Machine
- Agallamh a cuireadh ar Éamon Ó Cuív ar Beo.ie i 2001[7]
- Stair thoghchánaíochta Éamon Uí Chuív[8]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Deireadh ré – cinneadh déanta ag Éamon Ó Cuív gan seasamh sa chéad olltoghchán eile" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-24). Dáta rochtana: 2024-07-28.
- ↑ 2.0 2.1 Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-07-25). "Fianna Fáil ag lorg comharba do Éamon Ó Cuív i ndiaidh 32 bliain" (as ga-IE).
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (26 Iúil 2024). "‘Fíorchara’ ag an nGaeltacht agus an Ghaeilge é Éamon Ó Cuív" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-28.
- ↑ "A chuid déanta sa bpolaitíocht ag Éamon Ó Cuív" (as ga) (2024-07-25).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (10 Samhain 2024). "Teachtaí Dála a raibh ceangal acu le scéal an Tuaiscirt ag éirí as" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ "FÍSEÁN: Deireadh ré don Ghaeilge agus a phíosa cainte deireanach déanta sa Dáil ag Éamon Ó Cuív" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-08). Dáta rochtana: 2024-11-09.
- ↑ "Éamon Ó Cuív" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2024-07-28.
- ↑ "ElectionsIreland.org: Eamon O Cuiv". www.electionsireland.org. Dáta rochtana: 2024-07-28.
- Daoine a rugadh i 1950
- Daoine beo
- Airí Rialtais na hÉireann
- Alumni COBÁC
- Baill den 19ú Seanad
- Baill den 27ú Dáil
- Baill den 28ú Dáil
- Baill den 29ú Dáil
- Baill den 30ú Dáil
- Baill den 31ú Dáil
- Baill den 32ú Dáil
- Baill den 33ú Dáil
- Baill Fhianna Fáil
- Comhairleoirí Áitiúla
- Fir
- Daoine as Baile Átha Cliath
- Gaillimh Thiar (Dáilcheantar)