Naomh Adhamhnán
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 624 Contae Dhún na nGall |
Bás | 704 79/80 bliana d'aois Í Chaluim Chille |
Ab Mainistir Oileán Í | |
679 – 704 ← Fáilbe mac Pípáin (en) – Conamail mac Faílbi (en) → | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saineolaí dlí, manach, scríbhneoir, file, beathaisnéisí, ministir |
Tréimhse ama | Glúin an 8ú aois |
Teangacha | An Laidin agus an Ghaeilge |
Ord crábhaidh | Beinidictigh |
Ardú | |
Lá féile | 23 Meán Fómhair |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | Conall Gulbán (sinsear) |
Ab mhainistir Í Cholm Cille, i réim 679 – 704, ba ea Adhamhnán[1] (Sean-Ghaeilge Adomnán), naomhsheanchaí, státaire, dlí-eolaí canónta agus naomh. Údar na beathaisnéise is tábhachtaí ba ea é ar a chol ceathrar, Colm Cille, agus b'é a chuir Cáin Adhamhnáin, nó Lex Innocentium, chun cinn.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Adhamhnán i gContae Dhún na nGall, timpeall na bliana 624, nó roimh 629.
Rinneadh manach de i mainistir Í Cholm Cille.[2] Ceapadh ina ab ansiúd é sa bhliain 679, agus d'fhan sé ann go dtí lá a bháis i 704. Ba fhear fónta eagnaí é a bhí an-fhoghlamtha sa Scrioptúr Naofa. Bhí Adhamhnán ar feadh tamaill ina cheann ar na mainistreacha uilig a bhain le paruchia Cholm Cille. Lena chois sin, d’fhág sé ina dhiaidh scríbhinní tábhachtacha agus ina measc an saothar clúiteach Beatha Cholm Cille (Vita Columbae) – an cuntas iomlán is luaithe dá bhfuil fós againn ar shaol an naoimh[3].
Bhí Adhamhnán ina shaineolaí ar dhlí canónta (Cáin Adomnáin nó Lex Innocentium).
Fuair Adhamhnán bás in Í Cholm Cille.
Béaloideas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Céad bliain tar éis bháis Cholm Cille i 597, ‘sea chuir Adhamhnán scéal Ollphéist Loch Nis ar pár ina ‘Vita Columb’ den chéad uair[4].
De réir traidisiúin, ba mhian le hAdhamhnán a theampall a thógáil dhá mhíle ar shiúl ag Lios na Scréachóg[5]. Ach gach uair a tógadh na ballaí, thit siad. Ghuigh Adhamhnán faoin deacracht seo ach thit a chodladh air agus é i mbun urnaí. Mhúscail sé agus chonaic sé iolar ag eitilt ar shiúl lena leabhar urnaí. Lig an t-iolar don leabhar titim ar an suíomh seo agus, dá bhrí sin, ba anseo i nGleann an Iolair a thóg Adhamhnán a theampall.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mbliain 1621 rinne Stephen White cóip in Dillingen de bheatha Cholm Cille le Naomh Adhamhnán. Bhí sin ar an lámhscríbhinn ba thábhachtaí le William Reeves agus é ag scríobh The life of St Columba, Founder of Hy[6].
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Smyth, Alfred P. (1984). "Warlords and Holy Men: Scotland AD 80–1000". Dún Éadain: Edinburgh University Press.
- Adomnán, Vita Columbae:
- Anderson, A.O. agus M.O. Anderson (eag. agus aistr.). Adomnán's Life of Columba. 2a heagrán: Oxford, 1991. 1d eagrán: Dún Éadain, 1961.
- Sharpe, Richard (austr.). Adomnán of Iona: Life of St. Columba. Londain, 1995, ll. 43-65
- Reeves, William agus James Henthorn Todd (eag.). Vita Sancta Columbae: The life of St Columba founder of Hy, written by Adamnan, ninth Abbot of Iona. Baile Átha Cliath: Dublin University Press ar son Irish Archaeological and Celtic Association, 1857. Le fáil ar CELT
- Cáin Adamnáin nó Lex Innocentium
- Márkus, Gilbert (aistr.), Adomnán's Law of the Innocents - Cáin Adomnáin: A seventh-century law for the protection of non-combatants. Kilmartin, Argyll: Kilmartin House Museum, 2008. ISBN 978-0-9533674-3-6
- Meyer, Kuno (eag.). Cain Adamnain: An Old Irish Treatise on the Law of Adamnan. Oxford: Clarendon Press, 1905.
- Ní Dhonnchadha, Máirín (aistr.). "The Law of Adomnán: A Translation." Adomnan at Birr, AD 697: Essays in Commemoration of the Law of the Innocents, eag. Thomas O’Louglin. Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2001. 53-68.
- Adomnán, De Locis Sanctis
- Meehan, D. (eag.). Adomnan's 'De Locis Sanctis'. Scriptores Latini Hiberniae 3. Baile Átha Cliath, 1958. 1–34.
- Anonymous, Betha Adamnáin
- Herbert, Maire agus Pádraig Ó Riain (eag. agus aistr.). Betha Adamnáin: The Irish Life of Adamnán. Irish Texts Society 54. 1988. 1-44.
- Anonymous, Fís Adomnáin, 10-11ú haois.
- Windisch, Ernst (eag.). "Fís Adamnáin." Irische Texte 1, 1880, ll. 165-96.
- Stokes, W. (eag. agus aistr.). Fis Adomnáin. Simla, 1870.
- Carey, John (aistr.). King of Mysteries: Early Irish Religious Writings. Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 1998, ll. 263-74.
Foinsí tánaisteacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Herbert, M. Iona, Kells agus Derry: the history and hagiography of the monastic familia of Columba. 1988.
- O'Loughlin, T. "The Exegetical Purpose of Adomnán’s De Locis Sanctis", Cambridge Medieval Celtic Studies 24 (1992), ll. 37-53.
- — "The Library of Iona in the Late Seventh Century: The Evidence from Adomnán’s De locis sanctis", Ériu45, 1994, ll. 33-52
- — "The View from Iona: Adomnán’s mental maps", Peritia 10, 1996, ll. 98-122
- — "Res, tempus, locus, persona: Adomnán’s Exegetical Method", Innes Review 48, 1997, ll. 95-111; athchló i: D. Broun agus T.O. Clancy eag., Spes Scotorum: Hope of the Scots: Saint Columba, Iona and Scotland (T. and T. Clark, Dún Éadain 1999), ll. 139–158.
- — "Adomnán and Arculf: The Case of an Expert Witness", Journal of Medieval Latin 7, 1997, ll. 127-146
- — "Adomnán: A Man of Many Parts" in T. O’Loughlin eag., Adomnán at Birr, AD 697: Essays in Commemoration of the Law of the Innocents, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2001, ll. 41–51.
- — "The Tombs of the Saints: their significance for Adomnán", i J. Carey, M. Herbert agus P. Ó Riain eag., Studies in Irish Hagiography: Saints and Scholars, Four Courts Press, Baile Átha Cliath 2001, ll. 1–14.
- — (eag.) Adomnán at Birr, AD 697: Essays in Commemoration of these Law of the Innocents. (Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2001)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Adamnan (c. 700). "The Life of Saint Columba". Edmonston and Douglas. Dáta rochtana: 2008-08-09.
- St. Adamnan (c. 700). "Prophecies Miracles and Visions of St. Columba". Henry Frowde. Dáta rochtana: 2008-08-09.
- Leabharliosta le haghaidh Adomnán
- Adomnán, Sources, CELT
- Adamnanus, Vita S. Columbae, Foundations of Irish Culture.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ As Béarla, Eunan, féach https://www.johngrenham.com/findasurname.php?surname=Mac%20Giolla%20Adhnamhn%C3%A1in
- ↑ "Naomh Adhamhnán, ab: Meán Fómhair 23 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-26. Dáta rochtana: 2020-09-23.
- ↑ "Sliabh Speirín Thuaidh agus An Bhanna - Slí Cholmcille". www.gaeilge.colmcille.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-12. Dáta rochtana: 2020-09-23.
- ↑ "Irish Column: Nessí agus Cama". Irish Echo (2011-02-16). Dáta rochtana: 2020-09-23.
- ↑ "5.5 Baile an Teampaill - Slí Cholmcille". www.gaeilge.colmcille.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-27. Dáta rochtana: 2020-09-23.
- ↑ "WHITE, Stephen (1574–?1647)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-09-23.
Réamhtheachtaí Failbhe |
Abb Í 679–704 |
Comharba Conamhail |
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Albain é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |