Aipiceaplast
Cuma
Is plastaid neamh-fhótaisintéiseach díorthaithe é an t-aipiceaplast[1] a fhaightear i bhformhór na hApicomplexa, lena n-áirítear Toxoplasma gondii, Plasmodium falciparum agus Plasmodium spp eile. (seadáin gur chúis leo an mhaláire), ach ní i gcásanna eile mar Cryptosporidium. Shíolraigh sé ó algaí (tá díospóireacht ann faoi cé acu algaí glas nó dearg a bhí anseo) trí insiombóis thánaisteach. Tá an t-aipiceaplast timpeallaithe ag ceithre scannán sa chuid is forimeallaí den chóras inscannáin.[2] Óstálann an t-aipiceaplast bealaí meitibileacha tábhachtacha cosúil le sintéis na n-aigéad sailleach, sintéis réamhtheachtaí iospréanóid agus codanna de chonair bithsintéiseach na haeime. [3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““aipiceaplast” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-01.
- ↑ The evolution, metabolism and functions of the apicoplast. Philosophical Transactions of the Royal Society of London. Series B, Biological Sciences,volume 365, issue 1541, pages 749–63.
- ↑ The metabolic roles of the endosymbiotic organelles of Toxoplasma and Plasmodium spp. Current Opinion in Microbiology,16:4. 452–8