Baile Monaidh
Baile Monaidh | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Contae i dTuaisceart na hÉireann | Contae Aontroma | |||
Príomhchathair de | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | BT53 | |||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 028 | |||
Eile | ||||
Logainm.ie | 1411590 | |||
Suíomh gréasáin | ballymoney.gov.uk |
Tá Baile Monaidh[1] suite i gContae Aontroma, in Ultaibh. Tá comhairle buirg ag an mbaile, Comhairle Buirg Bhaile Monaidh. Tá bailte eile sa mBuirg, ag cuimsiú Dearbhóg, Dún Lúiche, Muileann na Cloiche, agus Ros Earcain. Tá beagnach 27,000 duine ina gcónaí sa cheantar. Tá Baile Monaidh ar an bpríomhbhóthar idir Béal Feirste agus Cúil Raithlin.
Is iad aontachtóirí (timpeall 70%) an pobal is mó. Sna thoghcháin i 2001 (7 Meitheamh), thogh na daoine 16 ball, ón DUP (8 ball), UUP (5 ball), SDLP (2 ball), agus Sinn Féin (1 ball). Is é an méara Cecil J Cousley (ball den DUP), agus is é leas-mhéara Ian R Stevenson (DUP).
Chruthaigh na teorainneacha an chomhairle raithe i 1973, nuair a bhí athrú rialtais áitiúla ann.
Anois, tá naisc idir Comhairle Buirg Bhaile Monaidh agus an baile Francach, Vanves, agus Benbrook in Texas ón bhliain 2000. Tá naisc aige le Comhairle Buirg Doolish (Dubh Lios), san Oileán Mhanann chomh maith, de bharr stair gluaisrothaoíchta Bhaile Monaidh.
Cónascann Baile Monaidh, le Baile Meánach, agus Maoile, Dáilcheantar Aontroim Thuaidh don Parlaimint Westminster agus do Thionól Thuaisceart Éireann.
- ↑ “Baile Monaidh/Ballymoney | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.