Bóinn (bandia)
Cineál | dia uisce |
---|---|
Dáta | |
Inscne | baineann |
Muintir | |
Leanaí | Aengus |
I miotaseolaíocht na nGael, is bandia abha na Bóinne í Bóinn (Sean-Ghaeilge Boand nó Boann). De réir Leabhar Gabhála na hÉireann agus an seanscéal Táin Bó Fhraoigh, ba dheirfiúr Bébhinn í[1] agus iníon Delbáeth, mac Elatha, de shliocht na dTuath Dé Danann.[2] Ba é Neachtan, Ealcmhar nó Nuada Airgeadlámh a fear céile, ag brath ar fhoinse. Lena leannán Daghdha, ba mháthair Aonghasa í. Um a gcaidreamh a cheilt, chuir Daghdha stad ar an ngrian ar feadh naoi míosa; de bharr sin, gineadh iompraíodh agus rugadh Aonghas laistigh d'aon lá amháin.[3]
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa dinnseanchas, deirtear chur ciallaíonn an t-ainm "bó fhionn", Sean-Ghaeilge bó find.[4] De réir Tíreolaíocht le Ptolemy sa 2ú haois, Bouvinda (Βουουίνδα) ab ainm don abhainn.[5][6] D'fhéadfadh gur fréamhaíodh an t-ainm ón Prótai-Cheiltis *bou-vindā, "bó fhionn".[7]
Cruthú na Bóinne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Insítear sa Dinnseanchas (Boand I, dán 2),[8] conas ar chruthaigh Bóinn abha na Bóinne. Cé gur chuir a fear céile, Neachtan, cosc uirthi a leithéid a dhéanamh, tháinig Bóinn tar i ngiorracht Tobar Segais, a bhí timpeallaithe ag naoi gcrann coill draíochta.[9]. Thiteadh cnónna coill isteach sa tobar and d'itheadh bradáin bhreaca iad (i dteannta le cnónna coill, léiríonn bradáin eagna i miotaseolaíocht na nGael). Thug Bóinn dúshlán do chumhacht an tobair nuair a shiúil sí thart timpeall ar tuathal, a chuir an t-uisce ar bhorradh go tréan agus réab go dtí an fharraige, ag cruthú na habhann. I rith na tubaiste, sheaca í scuabadh leis an uisce, agus chaill sé lámh, cos agus súil, agus í ndeireadh na dála a saol. De réir an dán, is ionann An Bhóinn agus aibhneacha móra i dtíortha eile, ina measc An tSabhrainn, An Tibir, Abhainn na hIordáine, An Tígris agus an Eofrait.
Bhí gaidhrín darbh ainm Dabilla ag Bóinn, a scuabadh ag an tuile insan fharraige. Sracadh as a chéile é ar charraigeacha san uisce, agus ainmníodh Cnoc Dabilla iad as an madra.[10][11][12]
Táin Bó Fhraoigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Bóinn ann chomh maith sa Táin Bó Fhraoigh agus í aintín agus cosantóir an duine dhaonna, Fraoch.[13]
Bóinn agus Bríd
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir scoláirí agus págántachta an lae inniu, samhlaítear Bóinn scaití leis an mbandia Bríd, nó creidtear gur mháthair Bhóinne í Bríd.[14][15] Níl foinse Ceilteach ann áfach a léiríonn mar sin í. I dteannta seo, creideann roinnt scoláirí an lae inniu gur cuireadh de réir a chéile adhradh, siombalachas agus scéalta na mionbhandéithe leis an mbandia, agus dá éis sin naomh, níos cáiliúla Bríd.[16]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Cattle-Raid of Fraech".
- ↑ Leabhar Gabhála na hÉireann, §64
- ↑ Tochmarc Étaíne (eag. agus aistr. Osborn Bergin agus R. I. Best) ar CELT
- ↑ Metrical Dindshenchas, Vol 3, poem 3: "Boand II" (eag. Edward Gwynn) ar CELT
- ↑ Karl Wilhelm Ludwig Müller (eag. & aistr.), Klaudiou Ptolemaiou Geographike Hyphegesis (Claudii Ptolemæi Geographia), Volume 1, lch. 79, Alfredo Firmin Didot, Paris (1883)
- ↑ Tíreolaíocht 2.1
- ↑ T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard Léinín Baile Átha Cliath, 1946, lch. 3
- ↑ Metrical Dindshenchas, Vol 3, poem 2: "Boand I" (eag. Edward Gwynn) ar CELT.
- ↑ C. Squire, Celtic myth and legend, Dover Publications, lch. 55, 2003.
- ↑ Metrical Dindshenchas ar mythicalireland.com
- ↑ Clark, Rosalind (1991). "The Great Queens: Irish Goddesses from the Morrígan to Cathleen Ní Houlihan" (as en): 137. Colin Smythe.
- ↑ Mac Coitir, Niall (2015-09-28). "Ireland’s Animals" (as en). The Collins Press.
- ↑ The Cattle-Raid of Fraech Curtha i gcartlann 2013-12-30 ar an Wayback Machine, aistr. A. H. Leahy, Heroic Romances of Ireland Vol 2, 1906.
- ↑ Essay: St Brigid Curtha i gcartlann 2010-06-05 ar an Wayback Machine ar unc.edu/celtic/
- ↑ Brigit's Forge: Sarasvati and Brigit part 4 Curtha i gcartlann 2005-02-20 ar an Wayback Machine ar brigitsforge.co.uk
- ↑ Condren, Mary (1989) The Serpent and the Goddess: Women, Religion, and Power in Celtic Ireland. New York, Harper and Row. ISBN 0-06-250156-9 lch. 57