Cánóg
Cuma
Is ainm coitianta ar roinnt éan mara meánmhéide san fhine Procellariidae a bhfuil sciatháin fhada orthu é cánóg. Den chuid is mó, freagraíonn an t-ainm seo don Bhéarla shearwater, cé nach ionann go hiomlán iad. Mar shampla, tugtar “cánóg bhán” ar an speiceas Fulmarus glacialis, nó “fulmar petrel” i mBéarla, agus tugtar “cánóg sciorrach” ar éin sa ghéineas Rynchops a dtugtar “skimmers” orthu i mBéarla. Is baill de na géinis Calonectris, Puffinus, agus Ardenna na cánóga eile, thart ar 30 speiceas san iomlán.
Samplaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Calonectris diomedea — cánóg Cory
- Fulmarus glacialis — cánóg bhán
- Puffinus assimilis — cánóg bheag
- Puffinus baroli — cánóg Barolo
- Puffinus gravis — cánóg mhór
- Puffinus griseus — cánóg dhorcha
- Puffinus mauritanicus — cánóg Bhailéarach
- Puffinus puffinus — cánóg dhubh
- Puffinus yelkouan — cánóg Mheánmhuirí
- Rynchops (géineas) — cánóg sciorrach