9,000 (ar a raibh 3,000 fostaithe go déanach sa chath) - 300 long iompair
Taismigh
~5,000 básanna
~6,000 básanna
Tharla Cath Stamford Bridge ag an sráidbhaile Stamford Bridge, An Trian Thoir, Yorkshire, i Sasana ar an 25 Meán Fómhair 1066, idir arm na Sasanach faoin Rí Harold Godwinson agus fórsa ionraigh na Lochlannach faoi stiúir an Rí Harald Hardrada agus deartháir an rí Shasanaigh Tostig Godwinson. Tar éis cath fuilteach, bhí Hardrada agus Tostig chomh maith leis an chuid is mó de na Loclannaigh marbh. Cé gur cuireadh in iúl go hiondúil gur éirigh le Arald Godwinson na Loclannaigh a chur ó dhoras. Fuair na Normannaigh an ceann is fearr ar na Sasanaigh ag Cath Hastings, níos lú ná trí seachtaine ina dhiaidh sin. Cé go gcuirtear in iúl gur léirigh an cath seo deireadh Aois na Lochlannach, tharla feachtais mhóra Lochlannacha sa Bhreatain agus in Éirinn sna blianta ina dhiaidh sin, mar shampla iad siúd de chuid Rí Svend Estridsen na Danmhairge i 1069-1070 agus Rí Magnus Cosnochta ón Iorua i 1098 agus 1102-1103.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.