Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh (Council of the European Union) glór rialtais an Aontais, a ghlacann dlíthe AE agus a chomhordaíonn beartais AE. Mar aon le Parlaimint na hEorpa, is í an Chomhairle an príomhchomhlacht cinnteoireachta san Aontas Eorpach. Bíonn an uachtaránacht ag gach Ballstát ar feadh 6 mhí ar bhonn uainíochta.
Déantar ionadaíocht ar gach Ballstát ar an gComhairle, tríd an Aire atá freagrach as an ábhar atá á phlé a bheith i láthair.[2] Mar shampla, tá an Chomhairle Talmhaíochta comhdhéanta de na hAirí Talmhaíochta agus mar sin de. Cé go gcruinníonn an Chomhairle i gcomhdhéanaimh dhifriúla, meastar gur aon institiúid amháin í. Dá bharr sin, feidhmíonn an Chomhairle na feidhmeanna cur chun feidhme maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála. Tarlaíonn sé amanna go mbíonn feidhmeannaigh taidhleoir (An Buanionadaí nó an Leas-Ionadaí Buan, ag brath ar an gComhairle) i láthair thar ceann na nAirí.
Foirmíochtaí na Comhairle
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is eintiteas dlíthiúil amháin í Comhairle an Aontais Eorpaigh, ach tagann sí le chéile i ndeich gcinn 'd'fhoirmíochtaí' éagsúla, de réir an ábhair a bhíonn á phlé.
Níl aon ordlathas i gceist le foirmíochtaí na Comhairle, ach mar sin féin tá ról speisialta comhordúcháin ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta agus tá sí freagrach as gnóthaí institiúideacha, as gnóthaí riaracháin agus as gnóthaí cothrománacha. Tá sainchúraimí ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha freisin.
Féadfaidh ceann ar bith den deich bhfoirmíocht atá ag an gComhairle gníomh a ghlacadh a thagann faoi shainchúram foirmíochta eile. Ní luaitear an fhoirmíocht, mar sin, nuair a ghlacann an Chomhairle gníomh reachtach.
Is iad seo a leanas na foirmíochtaí:
- Foirmíocht na Comhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (CGB) nó JHA mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí nó EPSCO mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha (CGE) nó an FAC mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais nó ECOFIN mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Ginearálta nó GAC mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Iomaíochais nó COMPET mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh nó TTE mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt nó EYCS mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh nó AGRIFISH mar a thugtar ar go coitianta
Ullumhúcháin foirmíochtaí na gComhairle - COREPER
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ullmhaíonn Coiste na mBuanionadaithe foirmíochtaí na gComhairle. Cé nach bhfuil ach coiste amháin de na mBuainiondaithe go dlíthiúil, i ndáiríre tá dhá choiste, COREPER I agus COREPER II (as an bhFraincis Comité des représentants permanents a thagann an t-ainm).
Is éard atá in Coreper Coiste Bhuanionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Mínítear ról agus comhdhéanamh fhoirmíochtaí éagsúla an Choiste in Airteagal 240(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Is é Coreper príomhchomhlacht ullmhúcháin na Comhairle. Caithfidh Coreper gach ábhar ar chlár oibre na Comhairle (ach amháin roinnt ábhar i réimse na talmhaíochta) a fheiceáil roimh ré, mura gcinneann an Chomhairle a mhalairt.
Ní comhlacht cinnteoireachta de chuid an Aontais é, agus is féidir leis an gComhairle féachaint arís ar aon chomhaontú a dtagann Coreper air, óir is ag an gComhairle féin amháin atá an chumhacht cinntí a dhéanamh.
Ullmhaíonn COREPER II na forimíochtái a leanas:
- Foirmíocht na Comhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (CGB) nó JHA mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha (CGE) nó an FAC mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais nó ECOFIN mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Ginearálta nó GAC mar a thugtar ar go coitianta (Ullmhaíonn an GAC é féin An Chomhairle Eorpach)
Ullmhaíonn COREPER I na foirmíochtaí a leanas:
- Foirmíocht na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí nó EPSCO mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Ginearálta nó GAC mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Iomaíochais nó COMPET mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh nó TTE mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt nó EYCS mar a thugtar ar go coitianta
- Foirmíocht na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh nó AGRIFISH mar a thugtar ar go coitianta
Tá an coiste comhdhéanta de Bhuanionadaithe Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, atá, i ndáiríre, ina n-ambasadóirí náisiúnta chuig an Aontas. Is é an Ambasadóir Tom Hanney atá mar ionadaí buan na hÉireann (COREPER II) faoi láthair agus an Ambasadóir Barbara Cullinane atá mar leas-ionadaí buan na hÉireann (COREPER I).[3]
Is í 'Meitheal Antici' a ullmhaíonn obair Coreper II agus is í 'Meitheal Mertens' a ullmhaíonn obair Coreper I. Cuidíonn na grúpaí neamhfhoirmiúil sin le seasamh thoscaireachtaí na mBallstát éagsúil ag an gcruinniú Coreper a shocrú.[4]
Tagann an dá Coreper (Coreper I agus II) le chéile ar a laghad gach seachtain agus go hinodúil níos minice ná sin. Mar sin, mar go bhfuil sé lonnaithe sa Bhruiséil, buaileann COREPER i bhfad níos minicí ná foirmíochtaí na gComhairle iad féin.
Obair na Comhairle
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Caibidlíonn sí dlíthe AE agus glacann sí iad, in éineacht le Parlaimint na hEorpa, bunaithe ar thograí ón gCoimisiún Eorpach
- Comhordaíonn sí beartais na mBallstát
- Ceapann sí beartas eachtrach agus slándála an Aontais, bunaithe ar threoirlínte ón gComhairle Eorpach
- Tugann sí comhaontuithe chun críche idir an tAontas agus tíortha eile nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile
- Is í a ghlacann buiséad bliantúil an Aontais - i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa.
-
An Europa Building, sa Bhruiséil, an áit a mbíonn cruinnithe an gComhairle
-
An Comhairle ar clé agus an Coimisiún (Berlaymont) ar dheas. Radharc ón timpeallán Schuman
Comhdhéanamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl aon chomhaltaí buana i gComhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, tagann an Chomhairle le chéile i ndeich gcumraíocht éagsúla, gach ceann ag freagairt don réimse beartais atá faoi chaibidil. Ag brath ar an gcumraíocht, seolann gach tír an t-aire atá freagrach as an réimse beartais sin chuig an gcruinniú.
Mar shampla, nuair a thionóltar cruinniú na Comhairle ar ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais (Comhairle Ecofin) freastalaíonn aire airgeadais gach tíre air.
Cé a bhíonn mar chathaoirleach ar na cruinnithe?
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cathaoirleach buan ag an gComhairle um Ghnóthaí Eachtracha - Ard-Ionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Is é aire ábhartha na tíre ag a bhfuil an uachtaránacht AE rothlach a bhíonn ina chathaoirleach ar chruinnithe eile uile na Comhairle. Sin í an Phortaingéil an Uachtaránacht faoi láthair.
Mar sin, aon chruinniú den Chomhairle Comhshaoil sa tréimhse ina bhfuil an uachtaránacht ag an Phortaingéil, is é aire comhshaoil na Phortaingéile a bheidh ina chathaoirleach air.
Tíortha an Limistéir Euro
[cuir in eagar | athraigh foinse]Comhordaíonn tíortha an Limistéir Euro a mbeartas eacnamaíoch tríd an nGrúpa Euro, atá comhdhéanta dá n-airí geilleagair agus airgeadais. Tagann sé le chéile an lá roimh chruinnithe Chomhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais. Déantar na comhaontuithe ar a dtagtar i gcruinnithe an Ghrúpa Euro a chinneadh go foirmiúil sa Chomhairle an lá dár gcionn, gan ach airí na dtíortha atá sa Limistéar Euro ag vótáil ar na ceisteanna sin. Is é Paschal Donohoe an Uachtarán den nGrúpa Euro.[5]
Cén chaoi a n-oibríonn an Chomhairle?
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann airí an Aontais le chéile go poiblí nuair a bhíonn dréachtghníomhartha reachtacha á bplé acu nó nuair a dhéanann siad vótáil orthu. De ghnáth, teastaíonn tromlach cáilithe sula nglacfar le cinntí:
- 55% de na tíortha (tá 27 mball ann faoi láthair, mar sin bíonn 15 thír ag teastáil)
- a sheasann do 65% ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais Eorpaigh
Féadfaidh tú féachaint ar sheisiúin phoiblí beo i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Nuair is cruinniú poiblí a bhíonn ag an gComhairle (cúrsaí reachtaíochta, de ghnáth), bíonn teacht ag an bpobal ar mhiontuairiscí agus ar vótáí an chruinnithe sin.
Stop a chur le cinneadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]De ghnáth, chun stop a chur le cinneadh, teastaíonn 4 thír ar a laghad (a sheasann do 35% ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais.
Eiseachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gcás ábhair íogaire amhail beartas eachtrach agus cánachas, bíonn vóta d'aon toil de dhíth.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Council of the European Union and European Committees" (en). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
- ↑ "Presidency Calendar" (en-GB). European Movement Ireland. Dáta rochtana: 2021-09-24.
- ↑ Department of Foreign Affairs. "Staff - Department of Foreign Affairs" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ "Coreper I" (ga). www.consilium.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ "An Grúpa Euro" (ga). www.consilium.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-02-04.