Comhdháil Pugwash
Cuma
| ||||
Cineál | eagraíocht | |||
---|---|---|---|---|
Bailíocht | 1957 - | |||
Suíomh | an Róimh, An Iodáil | |||
Suíomh gréasáin | pugwash.org |
Sraith comhdhálacha ag eolaithe a bhí buartha faoi bhagairt na n-arm núicléach. Tionóladh an chéad ceann i bPugwash in Albain Nua Cheanada i 1957, go mór faoi anáil Bertrand Russell. Ag comhdháil 1963 thug na Stáit Aontaithe eolas don Aontas Sóivéadach ar na córais sábháilteachta d'airm núicléacha, mar chéim ar aghaidh chun srianadh a chur ar na hairm sin. Joseph Rotblat a bhí ina uachtarán ar na comhdhálacha thar bhlianta fada.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Comhdháil Pugwash". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 542.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |