Conan O'Brien
(2024) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Aibreán 1963 61 bliana d'aois Brookline (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Gael-Mheiriceánaigh |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Harvard Ardscoil Brookline |
Dathán gruaige | Folt rua |
Gníomhaíocht | |
Gairm | láithreoir teilifíse, aisteoir scannáin, aisteoir gutha, podchraoltóir, aisteoir teilifíse, scríbhneoir, scríbhneoir scripte, fuirseoir, léiritheoir teilifíse |
Tréimhse oibre | 1987 – |
Ball de pháirtí polaitíochta | an Páirtí Daonlathach |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Lipéad ceoil | Third Man Records |
Ghlac sé/sí páirt i | |
Ice Bucket Challenge (en) | |
Teaghlach | |
Athair | Thomas Francis O'Brien Jr. agus Ruth Reardon O'Brien |
Siblín | Kate B. O'Brien |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | teamcoco.com |
|
Is fuirseoir, láithreoir teilifíse, podchraoltóir agus scríbhneoir Gael-Mheiriceánach é Conan Christopher O'Brien (18 Aibreán 1963 a saolaíodh é). As Brookline, Massachusetts dó, thosaigh sé amach mar scríbhneoir ar chláir ghrinn amhail Saturday Night Live agus The Simpsons sular tháinig sé i gcomharbacht ar David Letterman mar láithreoir an chláir Late Night Show sa bhliain 1993.
I dtús báire, bhí an chuma ar an scéal nach mairfeadh Conan ach tamall beag mar láithreoir. Thosaigh cúrsaí ag feabhsú diaidh ar ndiaidh, áfach, agus roghnaiodh é chun áit Jay Leno a ghlacadh ar NBC. Ba mhór an chonspóid é nuair a cuireadh a réamhtheachtaí Leno ar ais in áit, taobh istigh de bhliain amháin. Tá clár dár chuid inniu (Conan) ar an stáisiún TBS ón bhliain 2010 i leith.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Duine de chúigear clainne (triúr deirfiúr agus beirt dheartháir) is ea O'Brien. Lia, eipidéimeolaí agus ollamh le leigheas mór le rá ar Scoil Leighis Harvard is ea a athair Thomas Francis O'Brien. Iar-aturnae a bhí ina comhpháirtí ar an gnólacht Ropes & Gray atá ina mháthair Ruth O'Brien (née Reardon).
Fuair O'Brien a chuid meánscolaíochta sa scoil áitiúil Brookline High School, sular bhain sé áit amach in Ollscoil Harvard sa bhliain 1981.
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |