Daniel Wiffen
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Iúil 2001 23 bliana d'aois Machaire Lainne, Northern Ireland |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Loughborough |
Gníomhaíocht | |
Gairm | snámhóir |
Tír spóirt | Éire |
Spórt | snámh |
Ghlac sé/sí páirt i | |
30 Iúil 2021 | swimming at the 2020 Summer Olympics – men's 1500 metre freestyle (en) (20) |
27 Iúil 2021 | swimming at the 2020 Summer Olympics – men's 800 metre freestyle (en) (14) |
Is snámhóir é Daniel Wiffen as Machaire Lainne, Contae an Dúin (a rugadh ar 14 Iúil 2001). Bhuaigh sé bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha 2024, agus an chéad snámhaí Curadh Domhanda d’Éirinn riamh.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann Wiffen ó shráidbhaile Machaire Lainne, Co. an Dúin. D'fhreastail sé ar Ollscoil Loughborough.
In 2021, i gCluichí Oilimpeacha Thóiceo, chríochnaigh Wiffen sa 14ú háit sa bhabhta ceannais 800m saorstíle na bhfear.[2]
I mí an Meithimh 2022, chríochnaigh sé sa 4ú háit sa bhabhta ceannais 800m saorstíle na bhfear i gcraobh chomórtais snámh an domhain san Ungáir.[3]
2023
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghlac Wiffen páirt i gCraobhchomórtas Ghearrchúrsa na hEorpa sa Rómáin i mí na Nollag 2023. Ar an 10 Nollaig, d’éirigh leis an churiarracht dhomhanda i Saorstíl 800m na bhfear a bhaint amach.[4] Shnámh sé an 800m i 7:20.46, am a bhí 3 shoicind níos tapúla ná an churiarracht ó 2001. Is é seo an chéad uair a d’éirigh le hÉireannach curiarracht dhomhanda sa snámh a bhaint amach. Bhuaigh sé trí bhonn óir sa snámh.[5]
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gCraobhchomórtais Uiscíochta an Domhain ar 14 Feabhra 2023, bhuaigh Wiffen an bonn óir sa saorstíl 800m tar éis dó an rás a shnámh in am 7:40:94 sa babhta ceannais.[1]
Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 30 Iúil, thug Wiffen, 23 bliain d’aois ag an am, sárthaispeántas sa snámh ceannais sa chomórtas saorstíle 800 méadar, , go háirithe ag deireadh an rása nuair a chuaigh sé chun tosaigh ar chách. 7:38.19 a thóg sé ar Wiffen an rás a bhuachan, an t-am is tapa fós ag aon chluichí Oilimpeacha. D’imigh Gregorio Paltrinieri na hIodáile chun cinn ar Wiffen agus iad ag déanamh ar cheann scríbe ach rinne fear na hÉireann teacht aniar iontach sa 150 méadar deireanach chun an bonn óir a fháil agus é chun cinn sa deireadh ar Bobby Finke na Stát Aontaithe a thug leis an bonn airgid agus Gregoria Paltrinieri a fuair an bonn cré-umha [6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 extrag.ie (2024-02-14). "Daniel Wiffen an chéad snámhaí 'World Champion' d’Éirinn" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-02-16.
- ↑ sportireland.ie Sport Ireland (2021). "An tAthbhreithniú ar Chluichí Thóiceo". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ TG4 (2022). "Éireannach sa bhabhta ceannais i gcraobh chomórtais snámh an domhain" (ga-IE). Molscéal. Dáta rochtana: 2023-12-14.
- ↑ RTÉ News, Eoin Ryan (2023-12-10). "Wiffen smashes world record to win third European gold" (as en).
- ↑ Ollscoil Má Nuad (Nollaig 2023). "ELeathanach 453". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ "Bonn óir buaite ag Daniel Wiffen na hÉireann ag na cluichí Oilimpeacha" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-30). Dáta rochtana: 2024-07-30.