David Bowie
Amhránaí, cumadóir amhrán, aisteoir agus léiritheoir feidhmiúcháin Sasanach ab ea David Bowie (8 Eanáir 1947 -10 Eanáir 2016). Is mórphearsa chultúir é i gcónaí. É féin a athchruthú de shíor, ba é sin misean is stampa David Bowie.[1]
Bhí tionchar mór ag a cheol agus ealaín stáitse ar an rac-cheol i rith na 1970idí agus ó shin. Cuimhneofar go speisialta air i mbun cantaireachta ar "Let's Dance", "Heroes" agus "Under Pressure", amhráin a chum sé féin,[2] chomh maith le Starman, Modern Love, Rebel, agus Life on Mars.
Ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dúradh faoi stíl luath cheoil David Bowie gur Rac Forásach nó Rac Péacach a bhí ann. De réir mar a athraíodh a stíl cheoil luadh a cheol i seánraí mar Nuathonn, Roc Ailtéarnach agus fiú Leictreonaice. Tá sin an-tábhachtach mar go léiríonn sé an dóigh a dtagann athrú gasta ar an cheol de bharr gnéithe teicneolaíochta, sóisialta agus cultúrtha.[3]
Bhí Space Oddity a chéad singil a chuaigh isteach sna cairteanna, eisithe ar 11 Iúil 1969.
- I measc na bpearsan stáitse a chruthaigh sé bhí Ziggy Stardust agus Aladdin Sane.
- Chuimsigh a chuid stíleanna ceoil sól plaisteach na Young Americans; ceol draíochta na n-uirlisí ag Low; pop glan Let's Dance.
- Bhí léim sa dorchadas leis an albam deireanach dá chuid, Blackstar. Chuir sé an albam amach ar 7 Eanáir 2016, cúpla lá roimh a bhás.
Gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]I rith a shaol, dhíol Bowie tuairim is 140 milliún ceirníní ar fud [an domhan|an domhain]]. Mar shampla, sa Ríocht Aontaithe, bhronnadh naoi ndeimhniú platanam ar a chuid albaim (agus haon-déan ór). Chuaigh sé isteach sa Rock and Roll Hall of Fame i 1996.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ainm stáitse ab ea David Bowie agus rugadh é faoin ainm David Robert Jones. Rugadh Bowie sa bhliain 1947 i nDeisceart Londain (Brixton).
In Brixton, ar an taobh ó dheas de Londain, a rugadh David Robert Jones i 1947. D'fhás a shuim i gceol agus é mar pháiste. Bhunaigh sé a chéad bhanna ceoil nuair nach raibh sé ach cúig bliana déag.[4]
Rinne sé staidéar ar ealaín. Thosaigh sé ag obair mar cheoltóir i 1963. D’athraigh sé a ainm ina dhiaidh sin go David Bowie agus bhain sé amach uimhir a haon sna cairteacha sa mBreatain i 1969 le Space Oddity. As sin chruthaigh sé Ziggy Stardust, stíl éagsúil shainiúil ag baint lena chuid ceoil i gcónaí agus tionchar dá réir aige ar cheoltóirí eile.
Tháinig deireadh lena thréimhse ar an bhóthar i ndiaidh na camchuairte "A Reality Tour", sa bhliain 2003, cé gur lean sé leis ag cumadh ceoil go deireadh a shaoil; a tháinig inné, 10 Eanáir, in aois 69.[5]
Seoladh Blackstar, an 25ú albam stiúideo leis ar 8 Eanáir 2016. Agus fuair Bowie bás de bharr ailse ar an 10ú Eanáir 2016.[6]
In Éirinn agus as Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó 1987, nuair a sheinn Bowie a chéad ghig i mBaile Shláine, Co. na Mí, ba mhinic é ar ais in Éirinn ag seinm i mBÁC, agus fiú i mBéal Feirste in 1995, nuair gur bheag ceoltóir mór le rá a bhí sásta seinm ar an taobh ó thuaidh den teorainn.[5]
In 2003, nuair a sheinn Bowie in Éirinn den uair dheireanach, sa Phoint i mBÁC, cuimhneofar ar na focail “Tiocfaidh ár lá” a scread sé amach ag deireadh an amhráin ‘Rebel Rebel’.[7][5]
Bhí leaganacha Gaeilge de mhóramhráin David Bowie le cloisteáil ag ceolchoirm i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2016.[8] IMRAM a bhí i mbun ‘Réaltneach: Tionscadal David Bowie’ a cuireadh ar stáitse in Amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire. An file Gabriel Rosenstock a d’aistrigh amhráin Bowie go Gaeilge agus Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus The Brad Pitt Light Orchestra a chuir na leaganacha nua i láthair.[9][10]
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- David Bowie (1967)
- Space Oddity (1969)
- The Man Who Sold the World (1970)
- Hunky Dory (1971)
- The Rise and Fall of Ziggy Stardust and the Spiders from Mars (1972)
- Aladdin Sane (1973)
- Pin Ups (1973)
- Diamond Dogs (1974)
- Young Americans (1975)
- Station to Station (1976)
- Low (1977)
- "Heroes" (1977)
- Lodger (1979)
- Scary Monsters (and Super Creeps) (1980)
- Let's Dance (1983)
- Tonight (1984)
- Never Let Me Down (1987)
- Black Tie White Noise (1993)
- The Buddha of Suburbia (1993)
- Outside (1995)
- Earthling (1997)
- 'Hours...' (1999)
- Heathen (2002)
- Reality (2003)
- The Next Day (2013)[11]
- Blackstar (2016)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ar aistear chun na réaltaí: Liam Ó Maonlaí ag canadh an ceol David Bowie[nasc briste go buan], 21 D.F. 2016
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-01-11). "Omós á léiriú do David Bowie atá básaithe" (as ga).
- ↑ ccea.org.uk. "COMHAD FÍRICÍ: CEOL GCSE". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-12. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ maynoothuniversity.ie. "David Bowie". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Tomaí Ó Conghaile. "Nuair a labhair Bowie i nGaeilge Slán le sárlaoch ceoil ár linne" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-01-11.
- ↑ "David Bowie dies of cancer aged 69" (en-GB). BBC News (2016-01-11). Dáta rochtana: 2021-01-11.
- ↑ "A Reality Tour (album)" (as en) (2020-11-21). Wikipedia.
- ↑ Seán Tadhg Ó Gairbhí. "Bowie an ‘Réaltnach’ chugainn as Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-11.
- ↑ "‘Seo é Ground Control chuig Major Tom…’ – blaiseadh de liricí David Bowie as Gaeilge!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-11.
- ↑ Gabriel Rosenstock (2023-06-12). "MIONLÉIRMHEAS: Ag cur Gaeilge ar David Bowie…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-12.
- ↑ http://www.bbc.com/news/entertainment-arts-35278872
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |