Dopaimín
Cuma
Is comhdhúil cheimiceach é dopaimín[1] atá scaipthe go forleathan san inchinn is an néarchóras imeallach.
Feidhmíonn sé mar néaratharchuradóir sa néarchóras lárnach. Is hormón é a choisceann tál prólachtaine is a chuireann fuascailt an hormón fáis ó mhaothán tosaigh na faireoige piotútaí chun cinn. Sintéisítear aidréanailín is noraidréanailín uaidh.
Tarlaíonn leibhéil mhínormálta de i réigiúin áirithe den inchinn nuair a bhíonn galair áirithe ar dhuine, mar shampla, leibhéal árdaithe le scistifréine, agus leibhéal laghdaithe le galar Parkinson.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “dopamine — Aistriúchán Gaeilge ar dopamine (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-12-31.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dopaimín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 220.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |