Edmund Spenser
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1552 East Smithfield |
Bás | 13 Eanáir 1599 (Iúlach) 46/47 bliana d'aois Londain |
Áit adhlactha | Abtheach Westminster |
File Cúirte na Ríochta Aontaithe | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Pembroke, Cambridge Ollscoil Cambridge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, aistritheoir, scríbhneoir |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Machabyas Childe Elizabeth Boyle |
B’fhile agus ba pholaiteoir é Edmund Spenser a mhair ag deireadh ré na dTúdarach, in aimsir na banríona Éilís (c. 1552–13 Eanáir 1599).[1][2]
Bhain Spencer clú amach de thoradh ar a dhán epiciúilThe Faerie Queene. Is aisling fháthchiallach í an 'Faerie Queene' ag ceiliúradh ríshliocht na dTúdair agus Eilís I.
Chaith Spenser formhór a shaoil ghairmiúil in Éirinn. Fuair sé talamh méith ar bhruach na hAbhann Móire mar luach saothair.[3] Bhí dearcadh, diúltach, naimhdeach ag Spenser ar Éirinn agus a muintir (dearcadh a bhí bunaithe cuid mhaith ar Topographica Hibernica (1188)[4] agus Expugnatio Hibernica le Giraldus Cambrensis[5]).[6]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Spenser timpeall na bliana 1552. D'fhreastail sé ar bhunscoil i Londain, an Merchant Taylors' School ar dtús a shaoil scolaíochta agus bhain sé an scrúdú máithreánach amach i bPembroke College, Ollcoil Cambridge.
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thaistil Spenser go hÉirinn, thart fán bhliain 1570, agus é i seirbhís Arthur Grey, Fear Ionaid nuacheaptha Shasana. Ó 1579 go 1580, d'fhreastail sé mar bhall d'fhórsaí Shasana, le linn an Dara Éirí Amach i nDeasmumhain.
Tar éis briseadh ar na reibiliúnaí, fuair Spenser talamh (a bhí coigistithe) i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan agus chuir sé an phlandáil go mór chun cinn i ndeisceart na hÉireann.
Tuairimí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh Spenser A View of The Present State of Ireland sa bhliain 1596 agus léigh go leor daoine an leagan lámhscríofa de sular cuireadh i gcló den chéad uair é sa bhliain 1633.[1] Is ann a fhaightear léargas ar ar an gcuid is nimhiúla de mheon polaitíochta na Sasanach in Éirinn an uair sin agus maítear nár foilsíodh lámhscríbhinn Spenser le linn dó a bheith beo toisc na tuairimí ann a bheith chomh binibeach sin.[7]
An Ghaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Spenser go mór ar son deireadh a chur leis an nGaeilge toisc gur thuig sé an ceangal idir í agus mianta lucht a labhartha agus cé mar a chuir an méid sin lena bhféiniúlacht.[8][1]
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is pearsa conspóideach é mar gheall ar an díograis a léirigh sé roimh léirscrios a imirt ar na Gaeil.
Ina theannta sin, ní mó ná sásta a bhí na filí in Éirinn ag an am, mar shampla an Céitinneach,[9] leis an léargas diúltach ar na Gaeil a thug Spenser ina chuid scríbhneoireachta.[1]
Clár scríbhinní an údair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Shepheardes Calender (1579)
- The Faerie Queene (1590, 1596, 1609)
- Complaints Containing sundrie small Poemes of the Worlds Vanitie (1591)
- Daphnaïda. An Elegy upon the death of the noble and vertuous Douglas Howard, Daughter and heire of Henry Lord Howard, Viscount Byndon, and wife of Arthure Gorges Esquier (1594)
- Colin Clouts Come home againe (1595)
- Astrophel A Pastoral Elegie upon the death of the most Noble and valorous Knight, Sir Philip Sidney (1595)
- Amoretti (1595)
- Epithalamion (1595)
- Four Hymns (1596)
- Prothalamion (1596)
- A View of the Present State of Ireland (ca. 1598)
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leathanach Baile 'Edmund Spenser'. Curtha i gcartlann 2012-01-02 ar an Wayback Machine
- Edmund Spenser at Project Gutenburg
- Edmund Spenser at Luminarium.org
- The Edmund Spenser Home Page Curtha i gcartlann 2008-02-29 ar an Wayback Machine
- A View of the Present State of Ireland
- Project Gutenberg edition of Biography of Edmund Spenser by John W. Hales
- Poetry Archive: 154 poems of Edmund Spenser
- Cambridge site about Spenser Curtha i gcartlann 2008-02-29 ar an Wayback Machine
- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Maitiú Ó Coimín (2015). "Freagraí Sheathrúin Chéitinn ar scríbhneoireacht nimhneach fhrith-Ghaelach Spenser ar taispeáint" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-13.
- ↑ Seán Lysaght, (Léachtóir i Staidéar Oidhreachta) (2011). "[https://www.kennys.ie/poetry/spenser Spenser (insint véarsaíochta d’fhad leabhair, ar shaol agus ghníomhréim Edmund Spenser)]" (as en-gb) (9780956891815).
- ↑ Feasta | Samhain 2013, Conradh na Gaeilge
- ↑ "Topographia Hibernica" (as en) (2021-05-15). Wikipedia.
- ↑ "Gerald of Wales" (as en) (2021-11-17). Wikipedia.
- ↑ Ruairí Ó hUiginn / dias.ie (lch 30). "Éireannaigh, Fir Éireann, Gaeil agus Gaill". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Scríobh sé, mar shampla: “Ireland is a diseased portion of the State, it must first be cured and reformed, before it could be in a position to appreciate the good sound laws and blessings of the nation”.
- ↑ “Soe that the speach being Irish, the hart must needes be Irishe; for out of the aboundance of the hart, the tonge speaketh.”
- ↑ Sheathrúin Chéitinn