Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Fíon mormónta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fíon treisithe, bán nó dearg. Alcól íon a úsáidtear sa treisiú, chun go mbíonn an tiúchan céanna alcóil ann is atá i seiris. Measctar luibheanna is spíosraí airithe ann chun blas a chur air. Manglam coitianta is ea an martini, arb iad biotáille na Ginéive (nó vodca) is an fíon mormónta na príomh-chomhábhair ann.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fíon mormónta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 270.