Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Gabriel Byrne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGabriel Byrne

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Bealtaine 1950
74 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ambasadóir Dea-mhéine CÉINAL
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ardscoil Éanna Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBrooklyn
Baile Átha Cliath
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir scannán, údar, scríbhneoir, aisteoir, aisteoir scannáin, scríbhneoir scripte, aisteoir stáitse, léiritheoir scannáin, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1978 –
TeangachaBéarla
Conair
  Foireann Comórtas
- Stella Maris F.C. (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileÁine O'Connor (en) Aistrigh (1974–1986)
Ellen Barkin (1988–1999)
Hannah Beth King (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0000321 Allocine: 4489 Rottentomatoes: celebrity/gabriel_byrne Allmovie: p10031 TCM: 26521 Metacritic: person/gabriel-byrne TV.com: people/gabriel-byrne IBDB: 76478 AFI: 256769
Musicbrainz: d41c98fa-d3b8-4b89-9761-ca7211418856 Cuir in eagar ar Wikidata

Aisteoir Éireannach a bhfuil cáil bainte amach aige go hidirnáisiúnta é Gabriel James Byrne (12 Bealtaine 1950 a rugadh é). Is cainteoir líofa Gaeilge é agus bíonn iarrachtaí ar siúl aige go minic chun an teanga a chur chun cinn go poiblí agus sna meáin chumarsáide.[1]

2006
2012, is cosúil
2022[2]

Rugadh Gabriel Byrne i nDroimneach i mBaile Átha Cliath, do Dan Byrne, a bhí ina chúipéir agus d'Eileen Byrne, a bhí ina banaltra. Fuair sé a oideachas in Ardscoil Éanna, Cromghlinn agus chaith sé tamall i gcliarscoil nuair a bhí sé óg, ach d'éirigh sé aisti tar éis tamaill agus a chreideamh iomlán caillte aige. D'fhill sé ar Éirinn agus chaith sé tréimhsí i bpostanna éagsúla, go dtí gur chinn sé ar fhreastal ar an ollscoil. Bhain sé céim amach sa teangeolaíocht agus sa tseandálaíocht i UCD, áit ar éirigh leis líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge chomh maith.[3]

A shaol gairmiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oibrigh Byrne sa seandálaíocht nuair a d'fhág sé UCD ach choinnigh sé a ghrá don teanga. Scríobh sé an chéad dráma teilifíse, Draíocht, do TG4, stáisiún teilifíse na Gaeilge nuair a thosaigh sé ag craoladh in 1996.

Sular thosaigh sé a ghairm mar aisteoir bhí neart postanna éagsúla ina measc: seandálaí, cócaire, trodaí tairbh agus múinteoir Spáinnise. Thosaigh sé ag aisteoireacht agus é 29 agus chuir sé tús lena ghairm ar stáitse le Focus Theatre agus le Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin chuaigh sé ag aisteoireacht leis an Royal ag Byrnesan agus an Royal National Theatre i Londain sa bhliain 1979.

Bhain Byrne cáil amach sa tsraith deireanach don chlár teilifíse The Riordans in Éirinn as a d'eascair an clár Bracken. Bhí Byrne sa phríomhpháirt.

Ghlac sé páirt ina chéad scannán dar teideal Excalibur sa bhliain 1981. Ba é John Boorman a stiúir an scannán eipice Artúrach seo. An chéad ról scannánaíochta a bhí aige ná mar King Uther Pendragon sa scannán King Arthur.

D'oibrigh Gabriel Byrne le cuid de mhórstiúrthóirí na pictiúrlainne – Deartháireacha Coen, Wim Wenders, Jim Jarmusch, Ken Loach, John Boorman, David Cronenberg agus Bryan Singer ina measc. Ghlac Gabriel páirt i scannáin neamhspleácha agus stiúideo, mar aon le trí scannán a stiúradh agus dhá scannán a scríobh. Lena chois seo ar fad, ghlac sé príomhról i 35 príomhscannán (idir 1981-2007) lena n-áirítear Miller's Crossing, The Usual Suspects, Into the West, The End of Violence, Dead Man, Vanity Fair agus Spider.[4]

Bhí ról ag Byrne mar Dr. Paul Weston, teiripeoir i sraith seachtainiúil mór le rá HBO In Treatment. Thug an New York Times "latest Dr. McDreamy" na teilifíse air dá ról agus bhuaigh sé an gradam Golden Globe don aisteoir ab fhearr i sraith theilifíse i 2008. Ghnóthaigh sé a chéad ainmniúchán Emmy (an príomhaisteoir ab fhearr i sraith theilifíse) chomh maith an bhliain chéanna.(B'é Byran Cranston as Breaking Bad a bhuaigh)

D'fhill sé ar an amharclannaíocht i 2008, ghlac sé ról King Arthur i Camelot le ceolfhoireann Nua-Eabhrac ón 7 Bealtaine go dtí an 10 Bealtaine, ról a ghlac mórlaochra na haisteoireachta, Richard Burton agus Richard Harris leis cheana.

Thosaigh Gabriel Byrne amach mar aisteoir leis an Focus Theatre anseo in Éirinn sular thosaigh sé ag aisteoireacht sa Royal Court Theatre i Londain sa bhliain 1979.

Bhronn Ollscoil na Gaillimhe Céim Dhochtúireachta sna Dána ar Byrne in 2007mar aitheantas ar an méid a bhí déanta aige ar mhaithe leis an tionscal scannán in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.[4]

Phós Byrne Hannah Beth King ar an 4 Lúnasa 2014 i mBallymaloe House,

Bhí Byrne ina chónaí i Nua-Eabhrac sna 2000/2010idí agus ansin i Maine (2021).

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-09-29. Dáta rochtana: 2008-11-12.
  2. "Gabriel Byrne Photo (2022-10-28)". www.broadwayworld.com. Dáta rochtana: 2024-10-24.
  3. "Sunday Tribune". tribune.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-24. Dáta rochtana: 2023-03-13.
  4. 4.0 4.1 Ollscoil na Gaillimhe (2007). "Céim Dhochtúireachta sna Dána". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2024-10-24.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]