Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Gasóga na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGasóga na hÉireann
Sonraí
Cineálcarthanas
cuideachta phríobháideach faoi theorainn ráthaíochta
foilsitheoir
scouting association (en) Aistrigh
eagraíocht neamhbhrabúis Cuir in eagar ar Wikidata
Cuspóir an tionscadail nó na gníomhaíochtanonformal learning (en) Aistrigh, holistic education (en) Aistrigh agus forbairt inbhuanaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíCuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Téann in áitGasóga Caitliceacha na hÉireann (2004)
Scouting Ireland S.A.I. (en) Aistrigh (2004) Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh2004
Gníomhaíocht
Ball deWorld Organization of the Scout Movement (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon saorálaithe11,361 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe32 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Maoiniú airgeadais53,000 € (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Ioncam iomlán5,795,000 € (2019) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://www.scouts.ie/
Facebook: ScoutingIreland Twitter: ScoutingIreland LinkedIn: scoutingireland Youtube: UCH1LwgzWpev72YrqoGBKA-Q Cuir in eagar ar Wikidata

Is cumann Éireannach é Gasóga na hÉireann, ball den World Organization of the Scout Movement. Is eagraíocht dheonach, neamhfhoirmiúil oideachais í agus tá níos mó ná 40,000 daoine ina bhaill dó.[1] Tá sé i láthair i mbeagnach gach pobal in Éirinn. I dTuaisceart Éireann oibríonn sé taobh le The Scout Association, cumann gasóga na Ríochta Aontaithe. Tosaíonn a stair le bunú an chéad ghrúpa gasóga in Éirinn i 1908, agus an chéad chruinniú i dteach Richard P. Fortune ar Shráid an Dáma i gCathair Bhaile Átha Cliath.

Bunaíodh an eagraíocht ar an 1 Eanáir 2004 nuair a tháinig Gasóga Caitliceacha na hÉireann agus eagraíocht saolta, Cumann Gasógaíochta na hÉireann le chéile.

Tá sé á stiúradh ag bord stiúrthóirí deonach. Is Príomh-Ghasóg ceannaire siombalach na heagraíochta. Is í Jill Pitcher Farrell an Príomh-Ghasóg. Toghadh í ag an mballraíocht in 2021 agus is í an chéad Phríomh-Ghasóg baineann de chuid na heagraíochta í.

JamÓige - Beavers agus Cubs, 2016
Gasóga as Éirinn, 2015 World Scout Jamboree sa tSeapáin

a. Bíonn Gasóg iontaofa.

b. Bíonn Gasóg dílís.

c. Bíonn Gasóg cabhrach agus tuisceanach do chách.

d. Bíonn misneach ag Gasóg i ngach deacracht.

e. Baineann Gasóg leas as a c(h)uid ama agus tugann aire d’airí agus do mhaoin.

f. Bíonn meas ag Gasóg air/ uirthi féin agus ar dhaoine eile.

g. Bíonn meas ag Gasóg ar an dúlra agus ar an timpeallacht.

Mí-usáid gnéis

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nochtaíodh líomhaintí stairiúla ag Coiste Oireachtais sa bhliain 2018 a bhain le mí-úsáid gnéis sa chumann idir na 1960idí agus na 1990idí don chuid is mó.  Aithníodh 356 duine go dtí 2020 a líomhnaíodh a d'fhulaing mí-úsáid gnéis 'sna gasóga. D'éirigh le daoine a raibh suim míchuí acu i ndaoine óga postanna sinsearacha a bhaint amach san eagraíocht in amanna.[3][4]

Sa bhliain 2020, léirígh tuarascáil maidir le cásanna de mhí-usáid gnéis a tharla i nGasógaíocht Éireann go raibh forcheilt i gceist agus gur teipeadh an mhí-usáid a thuairisciú. Scríobh Ian Elliot nár chuathas i ngleic leis an mhí-usáid i slí a chosain an duine a raibh mí-usáid bainte astu nó ní raibh aon iarracht déanta an duine a rinne an mhí-úsáid a thabhairt chun cuntais.[3]

Bhí leithscéal gafa ag Gasógaíocht Éireann leis na daoine a d'fhulaing an mhí-úsáid.[3]

Sa bhliain 2022, bhí 2 bhliain sa bpríosún, ach bliain amháin ar fionraí, gearrtha ar iar-chinnire gasóga, a ciontaíodh in ionsaí mí-gheanasach a dhéanamh ar bhuachaill 13 bliain d'aois timpeall 2000.[5]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. scouts.ie. "Scouting Ireland". www.scouts.ie. Dáta rochtana: 2022-02-22.
  2. scoutingmatters.ie. "Bunreacht na nGasóg". Dáta rochtana: 2022.
  3. 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2020-05-14). "Teipeadh mí-usáid a thuairisciú i nGasógaíocht Éireann" (as ga). 
  4. Conradh na Gaeilge, Londain. "ABC-4 - Learn Irish with daily podcasts" (en). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-02-22.
  5. Nuacht RTÉ (2022-02-21). "Bliain príosúin gearrtha ar iar-chinnire gasóga" (as ga).