Georg Voigt
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Aibreán 1827 Königsberg, An Phrúis |
Bás | 18 Lúnasa 1891 64 bliana d'aois Leipzig |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Königsberg |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Stair agus An Renaissance |
Suíomh oibre | München Leipzig |
Gairm | historian of Modern Age (en) , múinteoir ollscoile, staraí, scríbhneoir |
Fostóir | Ollscoil Ludwig Maximilian, München Ollscoil Leipzig Ollscoil Rostock |
Ball de | |
Mac/iníon léinn de chuid | Wilhelm Drumann |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Teaghlach | |
Athair | Johannes Voigt |
Ba staraí Gearmánach é Georg Voigt a rugadh sa bhliain 1827 i Königsberg sa Phrúis Thoir. Fuair sé bás i Leipzig sa bhliain 1891. Ba mhac an staraí Johannes Voight é Georg. Bhain Georg, chomh maith le Jacob Burckhardt, le bunaitheoirí an taighde nua-aimseartha, i dtaobh an Renaissance san Iodáil. Sa bhliain 1860, ceapadh é mar ollamh staire in Ollscoil Rostock, ar mholadh ó Heinrich von Sybel. Sa bhliain 1866, ceapadh é ina ollamh staire in Ollscoil Leipzig, i ndiaidh an staraí Wilhelm Wachsmuth. Bhain a chuid taighde le téamaí an daonnachais sa 15ú haois agus sa 16ú agus ar stair an chogaidh Schmalkalden. Murab ionann agus Burckhardt, bhain taighde Voigt le chéad céad na gluaiseachta a tháinig ón Renaissance a thosaigh i bhFlórans agus a scaip fud fad na hEorpa. Chuir Buckhardt síos ar gach gné den tsochaí Iodálach le linn an Renaissance.