Hangul
Cuma
Cineál | tras-scríobh fóinéimeach, córas scríofa foghrach, featural writing system (en) , alphabetic writing system (en) , siollabra, constructed writing system (en) agus aibítir aoncháis |
---|---|
Teangacha | an Chóiréis agus Jejuan (en) |
Cruthaitheoir | Sejong Mór |
Cruthú | 1443 |
Bunús | an Chóiré |
Stair | Origin of hangul (en) |
ISO 15924 | Hang (286) |
Treo téacs | clé go deas agus ingearach deas-go-clé |
Raon Unicode | U+1100-11FF, U+3130-318F, U+A960-A97F, U+AC00-D7A3 agus U+D7B0-D7FF |
Is é an Hangul (Cóiréis: 한글, hangeul nó hangǔl) aibítir dhúchasach na Cóiréise, agus í in iomaíocht leis an gcóras neamh-aibítreach, Hanja, a fuarthas ar iasacht ón tSín. Tá an córas Hangul bunaithe ar fhuaimniú na teanga, ach ní thugann sé aird ar chomhshamhlú na gconsan, a bhíonn coitianta sa Chóiréis labhartha. Is é an Hangul an t-aon chóras scríbhneoireachta a úsáidtear sa Chóiré Thuaidh, ach tá an dá chineál scríbhneoireachta le feiceáil sa Chóiré Theas i gcónaí.