Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Jon Kenny

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJon Kenny

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Nollaig 1957
An tOspidéal, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Samhain 2024
66 bliana d'aois
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh croí)
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir teilifíse, fuirseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1972 –  2023
TeangachaBéarla
Ealaíontóirí gaolmharaPat Shortt Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0448587 Cuir in eagar ar Wikidata

Aisteoir agus fuirseoir as Co. Luimnigh ba ea Jon Kenny (12 Nollaig 1957 – 15 Samhain 2024), a bhain cáil amach mar dhuine den dís d'Unbelievables le Pat Shortt.[1]

Ba as Co. Luimnigh ó dhúchas Jon Kenny. Bhain sé cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach sna 1990aidí lena leathbhádóir Pat Shortt ina seó d'Unbelievables mar bheirt shaoithiúil a raibh cora cainte tíorúla agus barrúla acu.

Shaothraigh sé a ghairm mar aisteoir sna scannáin The Van, Les Misérables (1998), Angela's Ashes, Mrs Brown's Boys D'Movie, Song of the Sea, Wolfwalkers, agus in 2023 i The Banshees of Inisherin,[2] áit ar oibrigh sé arís le Pat Shortt. Chonacthas é i gclár amháin den tsraith Father Ted chomh maith.[1]

Ar ardán na hamharclainne rinne sé drámaí mar The Matchmaker de chuid John B Keane; She Stoops to Conquer de chuid Oliver Goldsmith in Amharclann na Mainistreach agus an seo aonair de chuid Katie Holly Crowman, ina ndearna sé páirt dheich bpearsa.

Fuair Kenny bás ar an 15 Samhain 2024. 66 bliain d'aois a bhí sé agus bhí sé ag fáil cóir leighis le bliain anuas don ailse a bhí air.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-11-16). "An t-aisteoir agus an fuirseoir Jon Kenny tar éis bháis" (as ga-IE). 
  2. "Dá fheabhas an aisteoireacht níl ‘The Banshees of Inisherin’seo chomh maith lena cháil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-10-31). Dáta rochtana: 2024-11-16.