Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Laíon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Trom gearrtha ar a fhad ag taispeáint an laíon leathan, soladach (garbh-uigeach, bán) taobh istigh den adhmad (mín, le himir bhuí). Scála i mm.
Buinneog chrann gallchnó gearrtha ar a fhad ag taispeáint an liáin seomrach atá ar fáil sa ghéineas seo. Scála i mm.
An spota beag bídeach sa lár is ea an liáin, le trastomhas thart ar 1 mm) i gcrann iúir

Fíochán is ea an laíon de chuid na bplandaí soithíocha. Tugtar garrsmúsach air freisin. Tá an laíon comhdhéanta de chealla paireincíomacha boga, spúinseacha, a stórálann agus a iompraíonn cothaithigh ar fud na bplandaí. Sna eudicotidae, tá an laíon suite i lár an ghais. Sna monocotylidae, leathnaíonn sé freisin isteach i ngais bhláthanna agus i bhfréamhacha. Tá an laíon timpeallaithe ag fáinne xiléime agus tá an xiléim timpeallaithe ag fáinne fléim.