Laigin
- Féach freisin. Cúige Laighean
Dream agus ríocht i nÉirinn na meánaoise ba ea na Laigin, suite in oirdheisceart na tíre. Tá an ard-ríocht, Cúige Laighean (Sean-Ghaeilge Cóiced Laigen) ainmnithe astu. Meastar go síneadh a gcuid críocha ón tSionainn go dtí An Bhóinn.[1]
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ainmfhocail iolra is ea 'Laigin', a chuireas le fios gur eatnainm atá ann seachas téarma tíreolais.[2] Sa chóras ainmnithe Éireannach dá gcuid críoch, ainmníodh ceantar as rinnphearsa sinsearach, fiú muna raibh nasc ar bith ag an rítheaghlach reatha leis an bpearsa úd.[3]
Níltear cinnte cad as go cruinn an t-ainm, ab de réir seannóis, fréamhaithe is ea é ón bhfocal láigen, le brí 'sleá, ga'.[1][4]
Faightear i luath-théacsanna na hainmneacha Laigin agus Gailióin úsáidte go inmhalartaithe.[5]
Bunúis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maítear gur de shliocht Labraid Loingsech iad na Laigin.[1]
Molann staraithe an lae inniu, ar bhonn nósanna Éireannacha agus logainmneacha gaolmhara, gurbh ionróirí ón Ghaill nó ón Bhreatain iad na Laigin, a tháinig sa 6ú haois RC ar a mhoille. Tugadh níos deireanaí le chéile iad sna ginealaigh mheánaoiseacha isteach, inar síolraíodh gach rítheaghlach na hÉireann ó Mhíl Espáine.
Molann logainmneacha áirithe freisin go raibh siad ann tráth i dtuaisceart na Mumhan agus i gConnacht.[6]
Dreamanna gaolmhara
[cuir in eagar | athraigh foinse]Insítear i ndánta ársa le fáil i nginealaigh Gaelacha na meánaoise go raibh trí dhream ann sna Laigin:
- na Laigin féin
- na Gailióin
- na Fir Domnann.
Moltar gur gaolmhar le Dumnonii na Breataine iad na Fir Domnann.[1][7]
Seo a leanas roinnt rítheaghlach na Laigean:[1]
Saothar liteartha meánaoiseacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna seanscéalta de chuid na Rúraíochta, deirtear gurbh fhear Laighneach é Ailill mac Máta, rí Chonnacht. Molann Byrne (2001) go gcuireann seo in iúl b'fhéidir go raibh dreamanna gaolta leis na Laighean, na Fir Domnann agus na Gamanraige, i gceannas ar na Connachta le tosach aimsire.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Byrne, Francis J. (2001). "Irish Kings and High Kings". Four Courts Press.
- Ó Cróinín, Dáibhí, "Ireland, 400-800", in Dáibhí Ó Cróinín (eag.), A New History of Ireland Iml. 1, 2005
- Connolly, S. J. (2007). "Oxford Companion to Irish History". Oxford University Press.
- Duffy, Seán (2014). "Brian Boru and the Battle of Clontarf". Gill & Macmillan.
- Koch, John T., Celtic culture: a historical encyclopedia. Iml. 1-4
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ancient Laigin le Dennis Walsh
- Tribes of Laigin le Dennis Walsh
- Breassal Breac DNA