Liam Payne
(2023) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Liam James Payne 29 Lúnasa 1993 Wolverhampton, England |
Bás | 16 Deireadh Fómhair 2024 31 bliana d'aois Palermo, An Airgintín |
Siocair bháis | Bás tionóisceach (Titim ó airde) |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Payno |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | City of Wolverhampton College (en) St Peter's Collegiate School (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceol, popcheol agus popcheol |
Gairm | amhránaí, amhránaí is scríbhneoir, ealaíontóir taifeadta |
Tréimhse oibre | 2008 – 2024 |
Ball de | One Direction (2010–2016) |
Seánra | Popcheol agus R&G chomhaimseartha |
Teangacha | Béarla |
Gníomhaire | Steve Finan O'Connor |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Capitol Records Columbia Records Syco Republic Records |
Ghlac sé/sí páirt i | |
26 Aibreán 2022 | Crypto Bahamas 2022 |
Teaghlach | |
Páirtí | Cheryl Cole (2016–2018) Maya Henry (2019–2022) |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | liampayneofficial.com |
|
Ba cheoltóir Sasanach é Liam James Payne. Rugadh é ar 29 Lúnasa 1993. Tháinig sé sa tríú háit ar an seachtú sraith de The X Factor sa bhliain 2010, agus bhí sé ina bhall den ghrúpa One Direction.
Fuair sé bás ar an 16 Deireadh Fómhair 2024. Bhí féinmharú ar a intinn aige ag an am.[1]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Payne i Wolverhampton, Sasana, do Geoff agus Karen Payne.[2]
Bhí beirt deirfiúr níos sine ag Liam, Nicola agus Ruth, agus rugadh Liam trí seachtaine luath, agus bhí go leor fadhbanna sláinte aige dá bharr sin, nó sin a mhaígh sé níos déanaí nuair a bhí sé ag ól.
Ó bhí sé sé bliana d’aois léirigh Liam tallann cheoil ach bhí sé ag iarraidh a bheith ina reathaí Oilimpeach. Bhí sé ina bhall de Chlub Lúthchleasaíochta Wolverhampton agus Bilston. Tháinig deireadh lena aisling a bheith ina reathaí nuair a bhí sé 14 bliana d’aois nuair nach bhfuair sé áit ar fhoireann scoileanna Shasana. Ag an bpointe sin, chinn sé díriú go hiomlán ar a chuid amhránaíochta.
Bhí mac ag Liam darbh ainm Bear, a rugadh in 2017, ón gcaidreamh a bhí aige roimhe sin leis an amhránaí Cheryl, a bhí ina moltóir ar X Factor.[2]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]The X Factor agus One Direction
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig One Direction chun cinn tar éis dóibh seinm ar an X Factor in 2010 agus bhí an-tóir orthu i measc daoine, déagóirí go háirithe, ar fud an domhain. Cúigréad ab ea One Direction agus ba iad Niall Horan as an Muileann gCearr, Zayn Malik, Louis Tomlinson agus Harry Styles na baill eile den ghrúpa.[3]
What Makes You Beautiful agus Story of My Life péire de na hamhráin is mó atá luaite leo.
Gairm aonair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh Payne ar a shlí bheatha aonair tar éis do One Direction a fhógairt go raibh na baill ag dul i dtreonna difriúla in 2015.[2]
Chomh maith le hamhráin a chasadh, an-scríbhneoir amhrán ab ea Liam Payne agus chuaigh sé i gcomhar le ceoltóirí eile go minic – leithéidí Ed Sheeran, Charlie Puth and Ryan Tedder, cuir i gcás.
Thacaigh sé le heagraíochtaí carthanachta éagsúla – Ciste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí, Comic Relief agus Trekstock ina measc.
Sláinte agus bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'alcólach déanta é agus galar duáin air.[4] Bhí dúlagar air chomh maith agus labhraíodh sé anois is arís chomh maith ar chúrsaí meabhairshláinte agus ar an ísle brí a thagadh air féin.[5][6] B’éigean do Liam Payne a cheolchoirmeacha a chur ar ceal in 2023.[7]
D'fhreastail Payne ar cheolchoirm le Niall Horan in Buenos Aires ar an 2 Deireadh Fómhair 2024.
Bhí an maincín Maya Henry geallta dó in 2020 (in aois a 19 bliain di ag an am). D'fhág sí Payne in 20221. Ar an 10 Deireadh Fómhair 2024, d'eisigh a dliodóirí "ordú stop agus scoir" in aghaigh Payne.[8] Bhí Payne i riocht lámh a chur ina bhás féin ag an am agus ag iarraidh an milleán a chur ar a ex-fiancé.[1]
Bhí Payne ag fanacht san óstán Casa Sur (Palermo) i mBuenos Aires le linn mhí Dheireadh Fómhair 2024. D'fhág a chailín ag an am, Kate Cassidy, Payne ina aonar ar an 13 Deireadh Fómhair, agus d'fhill sí go Florida.[9]
Ar an 15/16 Deireadh Fómhair, chuaigh Payne ar bhabhta ragairne ina sheomra san óstán, as a chrann cumhachta ar ól agus drugaí. Rinne sé scrios ar a sheomra, a bhí faoi ghlas. Ach ní raibh muintir an óstáin in ann doras a sheomra a oscailt, nó bhí eagla orthu. Chuir bainisteoir an óstáin fios ar na póilíní cúpla nóiméad sular tharla an tubaiste mar go raibh imní air faoi Payne. Léim Payne de bhalcóin ar an tríú hurlár den ostán ar an 16 Deireadh Fómhair 2024. Bhí sé 31 bliain d'aois.[3][10]
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Entertainment Tonight (2024-10-16). "Liam Payne's Ex Maya Henry Claimed He Predicted His Early Death".
- ↑ 2.0 2.1 2.2 extrag.ie (2024-10-16). "Liam Payne ó One Direction marbh ag aois 31 tar éis titim" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-10-17.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-10-17). "An popamhránaí mór le rá Liam Payne tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ "Liam Payne once opened up about discovering one of his kidneys wasn’t functioning properly: ‘It had scarred’" (en). The Indian Express (2024-10-17). Dáta rochtana: 2024-10-17.
- ↑ "Books by Liam Payne (Author of Dare to Dream)". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2024-10-17.
- ↑ "Take Me Home Yearbook" (en). Goodreads. Dáta rochtana: 2024-10-17.
- ↑ "An iar-réalta One Direction Liam Payne curtha san ospidéal" (en-GB) (2023-09-13). Dáta rochtana: 2024-10-17.
- ↑ San Antonio expressnews.com (2024-10-17). "Maya Henry sent Liam Payne cease and desist before his death". archive.md / expressnews.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-10-17. Dáta rochtana: 2024-10-18.
- ↑ Sasha Morris (2024-10-17). "Liam Payne girlfriend's tragic five-word reason why she left him alone in hotel" (en). Express.co.uk. Dáta rochtana: 2024-10-17.
- ↑ "Hotel called 911 about Liam Payne 'breaking the whole room' while intoxicated before his fatal fall" (en). NBC News (2024-10-17). Dáta rochtana: 2024-10-17.