Rugadh King in Atlanta, Georgia don Oirmhinneach Martin Luther King Sinsearach agus Alberta Williams King. Bhain sé céim amach i Socheolaíocht (Baitsiléir Ealaíon) ag Coláiste Morehouse sa bhliain 1948. Bhí an tUachtarán Benjamin Mays, ceannaire de chuid ghluaiseacht na gcearta sibhialta, ina dhuine de mhúinteoirí King in Morehouse. Bhain sé céim eile amach i gCliarscoil Diagachta Crozer (Baitsiléir sa Diagacht) sa bhliain 1951.
Ar an 1 Nollaig1955, dhiúltaigh Rosa Parks dul go cúl an bhus agus suíochán a thabhairt d’fhear den chine geal. Gabhadh í agus fuarthas ciontach as mí-iompar í, in aghaidh an dlí áitiúil. An oíche dár gcionn, chruinnigh caoga taoisigh den chine gorm le chéile chun an eachtra a phlé, agus labhair sagart anaithnid, den ainm Martin Luther King leo. Shocraigh siad baghcat a eagrú in aghaidh an chórais bus i Montgomery. Spreag an agóid seo an mionlach go mór agus thosaigh an troid in aghaidh an chiníochais sna Stáit Aontaithe i ndáiríre. Cuireadh Martin Luther King sa phríosún[3] ar feadh 381 lá agus fad a bhí sé istigh sa phríosún fuair daoine dubha cead suí cibé áit a bhí siad ag iarradh ar an mbus[4].
7 Márta1965ː buaileadh go fíochmhar dream a bhí ag agóidíocht ar mhaithe le ceart vótála do dhaoine dubha, ag droichead Edmund Pettus ar U.S. Route 80, idir Selma agus Montgomery. ‘Domhnach na Fola’ a tugadh ar an eachtra.
Ar an 21 Márta1965, chuir Martin Luther King tús le mórshiúl agóide eile ó Selma go Montgomery, Alabama; 87 km in iomlán ar U.S. Route 80; ar an 25 Márta, shroich an lucht agóide Montgomery agus bhí 25,000 duine ann, a tháinig as áiteacha ar fud na tíre.[5]
28 Lúnasa1963Sa bhliain 1967, scríobh sé "Christmas Sermon on Peace".[7]
Lyndon Johnson agus MLKAr an 28 Márta1968, chuaigh Martin Luther King go dtí Memphis, Tennessee don léirsiú “Is Fear Mé” (bhí plaiceaird á n-iompar ag na léirsitheoirí, "I am a man"). Bhí drochrudaí á dtuar do King faoi áfach. Ní raibh an Southern Christian Leadership Conference sásta nuair a d'fhill King chuig Memphis[8]. Bhí eagla orthu go dtiocfadh foréigean as an agóid seo. Agus nuair a d'imigh an lucht máirseála leo níos déanaí, ionsaíodh iad gan taise gan trócaire. Caitheadh daoine a fuarthas i mbun creachta (mharaigh na póilíní buachaill 16 bliain le gunna gráin.
Feallmharaíodh King ar an 4 Aibreán, 1968 i Memphis, Tennessee. Bhris círéibeacha amach tar éis feallmharú Martin Luther King.
D'admhaigh James Earl Ray go raibh sé ciontach. Bhí tuairimí ciníocha ag Ray, (ba mhionchoirpeach é). Ar an 10 Márta1969, gearradh téarma príosúin 99 bliain ar Ray as King a fheallmharú.
In imeacht na mblianta, tá scéalta agus conspóidí eile tagtha amach faoi shaol Martin Luther King[9] – idir scéalta faoi radaireacht i measc ban agus a chlaonta polaitiúla. Ach níl aon amhras faoi thábhacht a bheartaíochta ar son cearta sibhialta sna Stáit Aontaithe ná níl aon amhras faoin athrú chun feabhais a chur sé ar stair na tíre sin.
↑NI Curriculum (2015-06-22). "Beatha le Bua". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-06-22. Dáta rochtana: 2023-04-03.
↑Sa sliocht seo, tá Martin Luther King ag tabhairt freagra orthu siúd a dúirt gur chóir go mbeadh daoine gorma foighdeach agus iad ag feitheamh le cearta sibhialta. "Ach nuair atá dronga ainbhéasacha feicthe agat ag crochadh do mháthar agus d’athar dá ndeoin féin agus ag báthadh do dheirfiúracha agus do dheartháireacha le taghd; nuair atá póilíní lán amach d’fhuath agus de ghráin feicthe agat ag eascainí, ag ciceáil agus fiú ag marú do dheartháireacha agus do dheirfiúracha gorma; nuair atá tromlach mór do chomhbhráithre Gorma, fiche milliún díobh, feicthe agat ag plúchadh i gcás múchta an bhochtanais i lár an rachmais agus an ghustail; nuair a dhéantar ciapadh ort i gcaitheamh an lae agus go bhfuil tú cráite i gcaitheamh na hoíche gur Gormach tú, ag maireachtáil de shíor ar bharr méireanna an dá chos...sin é an uair a thuigfidh tú gur deacair linn feitheamh go foighdeach. (Martin Luther King, litir as Príosún Birmingham, Aibreán 1963) SCRÚDÚ ARDTEISTIMÉIREACHTA: STAIR - GNÁTHLEIBHÉAL -PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHhttps://www.examinations.ie/exam/LCHistorySampleOL_LM_IV.pdfCurtha i gcartlann 2017-11-14 ar an Wayback Machine
↑A Christmas Sermon on Peace (24 Nollaig 1967, CBC): "Sula mbíonn do bhricfeasta ite ar maidin agat, tá tú faoi chomaoin ag breis is leath an domhain. Sin mar atá an domhan againne leagtha amach. Ní bheidh síocháin ar domhan againn go dtí go n-athnímid an fhíric bhunúsach seo." http://www.ecoflourish.com/Primers/education/Christmas_Sermon.htmlCurtha i gcartlann 2018-01-11 ar an Wayback Machine aistrithe ag examinations.ie