Maya Widmaier-Picasso
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (fr) María de la Concepción Picasso 5 Meán Fómhair 1935 Boulogne-Billancourt (an Fhrainc) |
Bás | 20 Nollaig 2022 87 bliana d'aois Neuilly-sur-Seine, An Fhrainc |
Áit adhlactha | Reilig Montparnasse |
Gníomhaíocht | |
Gairm | staraí na healaíne |
Teangacha | An Fhraincis agus an Spáinnis |
Teaghlach | |
Páiste | Diana Widmaier Picasso |
Athair | Pablo Picasso agus Marie-Thérèse Walter |
Siblín | Paloma Ruiz Picasso, Claude Picasso agus Paulo Picasso |
Duine muinteartha | Maria Picasso y López (seanmháthair) José Ruiz y Blasco (seanathair) Lola Ruiz Picasso (aintín) Javier Vilató y Ruiz (col ceathar) José Vilató Ruiz (col ceathar) |
Gradam a fuarthas
| |
B'iníon an phéintéara Spáinnigh Pablo Picasso agus Marie-Thérèse Walter í María de la Concepción “Maya” Widmaier-Picasso (a rugadh sa bhliain 1935 i Boulogne-Billancourt, an Fhrainc agus a fuair bás ar an 20 Nollaig 2022). Chaith sí cuid dá saol ag staidéar agus ag caomhnú oidhreacht a hathar.[1][2]
Ba í an dara duine de cheathrar clainne a hathar. Tá leathdheartháir amháin aici atá níos sine ná í, Paulo (1921–1975). Ba í an damhsóir bailé Olga Khokhlova a mháthair agus ba iad Bernard Ruiz-Picasso agus Marina Picasso a pháistí. Bhí beirt dheartháir níos óige aici, Claude (a rugadh sa bhliain 1947) agus Paloma (a rugadh sa bhliain 1949). Ba í an péintéir Françoise Gilot máthair Claude agus Paloma.
Phós sí Pierre Widmaier agus bhí triúr clainne aici: Olivier, Richard, agus Diana. Is staraí ealaíne í Diana Widmaier Picasso a bhíonn ag díriú ar shaothar a seanathair, Pablo Picasso.
Chum Pablo Picasso go leor pictiúr de Maya, an tsraith is suntasaí ná Maya à la poupée. Sa bhliain 2017, chuir Gagosian Gallery an taispeántas Picasso agus Maya: Father and Daughter ar siúl i bPáras, arna choimeád ag Diana Widmaier Picasso. Ba é an chéad taispeántas a bhí dírithe ar phortráidí Picasso dá iníon is sine.[3] Sa bhliain 2022, chuir Museé Picasso Paris taispeántas ar siúl darb ainm Maya Ruiz-Picasso, Fille de Pablo bunaithe ar a chuid saothair a ghabhann le Maya.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “La hija de Picasso obtendrá la nacionalidad española” (es). La Vanguardia (2017-03-30). Dáta rochtana: 2020-12-12.
- ↑ “Family tree of María de la Concepción PICASSO” (en). Geneanet. Dáta rochtana: 2020-12-12.
- ↑ AnOther (2017-10-20). "The Show Exploring Picasso’s Relationship with His Daughter" (en). AnOther. Dáta rochtana: 2018-10-06.
- ↑ "Maya Ruiz-Picasso, fille de Pablo" (fr). Musée Picasso Paris. Dáta rochtana: 2022-08-04.